Athbhreithniú ón bPríomhfheidhmeannach

Trádáil i 2021

Bhí méideanna i 2021 níos ísle ag 5.2% i gcomparáid le 2020 agus laghdú níos mó tagtha ar onnmhairí (9.4%) ná mar a tháinig ar allmhairí (2.3%).

Tá níos mó ná ceithre cúigiú de mhéideanna Chalafort Bhaile Átha Cliath sna móid aonadaithe agus tháinig laghdú 3.8% i gcaitheamh na bliana ar mhéid iomlán na gcoimeádán agus na leantóirí. Bhí difríocht shuntasach idir na móid aonadaithe áfach, le méideanna RóRó laghdaithe de 9.3% ach méideanna LóLó suas de 10.2%.

Mar gheall ar na treochtaí thar a bheith difriúil idir na móid RóRó agus LóLó agus na hathruithe ar phátrúin trádála de thoradh an Bhreatimeachta, athraíodh leagan amach an ghnó aonadaithe de chuid Chalafort Átha Cliath i rith 2021:

  • Bhí an laghdú foriomlán ar líon na gcoimeádán agus na leantóirí beag agus é comhionann le 56,000 aonad (3.8%)
  • Chuimsigh sé sin laghdú substaintiúil de 99,000 ar aonaid RóRó agus é cúitithe i bpáirt ag méadú de 43,000 ar aonaid LóLó
  • Bhain an laghdú ar aonaid RóRó le haonaid RóRó tionlactha (90,000 as na 99,000).
  • Tháinig an glanlaghdú ar mhéideanna aonadaithe de 56,000 aonad chun cinn ó thorthaí an-difriúil go geografach:
    • Laghdú de 167,000 ar mhéideanna Holyhead
    • Méideanna ar bhealaí farraige fhada na Breataine Móire go Learpholl agus Heysham laghdaithe de 32,000
    • Méideanna ar sheirbhísí RóRó agus LóLó díreach chuig Mór-roinn na hEorpa - i raon na gcalafort ó Rotterdam go Cherbourg - méadaithe de 164,000
    • Méideanna aonadaithe eile laghdaithe de 21,000
  • Chuimsigh an méadú de 164,000 ar mhéideanna aonadaithe chuig Mór-roinn na hEorpa méadú de 88,000 go 259,000 ar aonaid RóRó.

“Tá níos mó ná ceithre cúigiú de mhéideanna Chalafort Bhaile Átha Cliath sna móid aonadaithe agus tháinig laghdú 3.8% i gcaitheamh na bliana ar mhéid iomlán na gcoimeádán agus na leantóirí. Bhí difríocht shuntasach idir na móid aonadaithe áfach, le méideanna RóRó laghdaithe de 9.3% ach méideanna LóLó suas de 10.2%.”

Eamonn O’Reilly, Príomhfheidhmeannach

Is í glanéifeacht na dtreochtaí sin ar dháileadh na méideanna aonadaithe i gCalafort Átha Cliath ná nach raibh ach 52% de na 1.4 milliún ualach aonaid i 2021 le bealaí na Breataine Móire i gcomparáid le 64% de na 1.5 milliún ualach aonaid i 2020.

Áiteanna eile sna móid aonadaithe, chuaigh allmhairí feithicle gnó i méid de 10.9% go 82,000.

Tá Calafort Átha Cliath fós ina chalafort mór fuinnimh agus b’ionann táirgí peitriliam a ndearnadh a allmhairiú i rith 2021 agus ceithre mhilliún tonna, sin thart ar thrian d’úsáid iomlán fuinnimh na tíre i gcaitheamh na bliana.

Bliain an-deacair a bhí ann do ghnó paisinéirí an chalafoirt mar thoradh ar Covid-19 agus cé go raibh líon na bpaisinéirí agus na bhfeithiclí turasóra le haghaidh bád farantóireachta níos airde i gcomparáid le 2020, bhí na méideanna i bhfad ní ba ísle i gcomparáid leis na leibhéil roimh an bpaindéim. Bhí 1.9 milliún paisinéir bád farantóireachta ann i 2019.

Níor tháinig aon long chúrsála chuig Calafort Átha Cliath i rith 2021.

Allmhairí/Onnmhairí

‘000 olltona

2021

2020

athrú %

Allmhairí

21,217

21,714

(2.3%)

Onnmhairí

13,723

15,150

(9.4%)

Iomlán

34,940

36,864

(5.2%)


Méideanna aonadaithe

2020

2019

athrú %

Aonaid RóRó

962,075

1,060,979

(9.3%)

Aonaid LóLó

466,737

423,715

10.2%

Iomlán na n-aonad

1,428,812

1,484,894

(3.8%)

TEU LóLó

842,838

758,013

11.2%

Feithiclí trádála

82,457

74,373

10.9%


Méideanna neamhaonadaithe

2021

2020

athrú %

Tonaí Bulcleachta

3,938

3,871

1.7%

Tonaí Bulc Sholad

1,973

1,957

0.9%

Briseadh Builc

69

33

112.6%

Iomlán na n-aonad neamhaonadaithe

5,980

5,861

2.1%


Méideanna Paisinéirí ar Bháid Farantóireachta

2021

2020

athrú %

Paisinéirí farantóireachta

845,326

832,816

1.5%

Feithiclí turasóireachta

251,938

214,700

17.3%


Allmhairí/Onnmhairí 2021

Olltonaí i milliúin

34.9m

Allmhairí: 21.2m

Onnmhairí: 13.7m

Méideanna aonadaithe 2021

Iomlán na n-aonad

1,428,812

Aonaid RóRó: .962

Aonaid LóLó: .466

Tionscadal Droichid T4

Trasnaíonn an droichead nua seo, a tugadh chun críche i 2021, Bóthar Alexandra agus ligeann sé don chruthú de chlós lastais comhtháite T4 de c. 14 heicteár agus toilleadh tonnáiste de 7m Tona in aghaidh na bliana.

Feidhmíocht Airgeadais i 2021

D’ainneoin an dá dhúshlán mar a bhí an Breatimeacht agus Covid-19, ní dheachaigh an láimhdeachas don bhliain i laghad ach le €0.8m (1.0%) go €85.8m ó €86.6m i 2020. Bhí dhá fhachtóir ina gcúis leis an laghdú sin - táillí lastais níos ísle mar thoradh ar an laghdú 5.2% ar thréchur agus laghdú ar ioncaim ó tharraingt.

Mhéadaigh na costais oibriúcháin iomlána i 2021 de €7.2m (16.8%) ó €43.1m an bhliain roimhe go €50.4m:

  • Bhí costais dímheasa (glan ar amúchadh deontais) €2.9 m níos airde i 2021 ag €13.4m. Léiríonn sé seo an bonn sócmhainní seasta níos airde a eascraíonn as clár infheistíochta caipitil mhóir an Chomhlachta.
  • Tháinig méadú arb ionann le €0.6m ar chostais phinsin (€2.7m)
  • Níor ghá na costais atheagraithe de €1.1m a íocadh i 2020 a íoc arís i 2021.
  • Tháinig ardú de €4.9m ar na costais oibriúcháin laethúla agus iad comhionann le €34.3m i gcomparáid le €29.4m i 2020. Ba é an príomhfhachtóir spreagtha ná táille níos airde le haghaidh rátaí tráchtála de €3.7m (mar thoradh go ndearna Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tarscaoileadh páirteach ar na rátaí tráchtála mar fhreagra ar phaindéim Covid-19 i 2020). Ina theannta sin, tháinig ardú de €0.6m ar chostais phárolla i gcaitheamh na bliana.

Baineann €0.7m d’ioncam oibriúcháin eile i 2020 le méadú ar luacháil réadmhaoin infheistíochta an chomhlachta, “P5”, atá lonnaithe i bPáirc Gnó Rinn an Oirthir. Níor tháinig aon mhéadú comhfhreagrach ar luacháil i 2021.

Nuair a thógtar an méid thuas le chéile, bhí brabúis oibriúcháin de €35.4m ag an gComhlacht i 2021, bhí sé sin 19.8% ní ba ísle ná 2020.

B’ionann an muirear cánachais don bhliain agus €4.0m, i gcomparáid le €5.4m i 2020.

Ba é an brabús don Bhliain Airgeadais 2021 ná €26.0m, i gcomparáid le €34.2m i 2020, arbh ionann é agus laghdú €8.3m (24.1%).

I bhfianaise fhócas an Chomhlachta ar chlár caipitil mór fiachas-mhaoinithe a sheachadadh, tá sé tábhachtach leibhéal na mbrabús airgid arna thomhas ag EBITDA (an tuilleamh roimh ús, roimh cháin, roimh dhímheas agus roimh amúchadh) a choinneáil.

I rith 2021, bhí EBITDA láidir ag €48.8m agus bhí an laghdú de €5.2m ó 2020, déanta suas, den chuid is mó, ag tarscaoileadh rátaí na comhairle de €3.7m i 2020.

Ba é an Toradh ar Chaipiteal a Úsáidtear (ROCE) don bhliain 2021 ná 5.5%, i gcomparáid le 7.4% i 2020, rud a léirigh an infheistíocht shuntasach a rinneadh i sócmhainní seasta i gcaitheamh na bliana. B’ionann agus €670.8m ar an iomlán sócmhainní seasta an Chomhlachta ag deireadh 2021 i gcomparáid le €613.1m ag deireadh 2020. Tháinig an ghluaiseacht i mbliana as breisithe €71.6m a ndéanann dímheas €13.9m cúiteamh orthu.

Ba é an glanseasamh fiachais ag deireadh na bliana ná €164.2m, méadú de €30.9m ó 2020.

Ba ionann aisíocaíochtaí iasachta EIB i rith na bliana agus €5.2m, agus méid iomlán na n-iasachtaí laghdaithe go €288.2m. Chuaigh iarmhéideanna airgid i laghad ag €36.2m agus mar thoradh air sin bhí méadú de €30.9m ar ghlanseasamh fiachais an Chomhlachta.

Feidhmíocht Airgeadais i 2021

€’000

2021

2020

athrú %

Láimhdeachas

85,769

86,596

(1.0%)

Brabús Oibriúcháin

35,417

44,150

(19.8%)

PBT

29,959

39,689

(24.5%)

PAT

25,995

34,251

(24.1%)


TRÚCDA

€’000

2021

2020

Brabús Oibriúcháin

35,417

44,150

Dímheas

13,874

11,085

Amúchadh

(490)

(564)

Ioncam eile

-

(665)

Míreanna neamhghnácha – brabús ar dhiúscairt sócmhainní

(50)

(40)

TRÚCDA

48,751

53,966


Glanfhiachas

€m

2021

2020

Iasachtaí

288.2

293.4

Airgead tirim

124.0

160.1

Glanfhiachas

164.2

133.3

Uasghrádú Bóthair Inmheánach

Tionscadal calafoirt chun an gréasán bóthair a uasghrádú leis an toilleadh le haghaidh méid an tráchta réamh-mheasta sa Mháistirphlean 2040 a chur ar fáil. Beidh an tionscadal críochnaithe i 2022.

An Dearcadh atá ar Ghnóthaí le haghaidh 2022

Blianta dúshlánacha ab iad an dá bhliain seo caite – 2020 agus 2021 – mar gheall ar éifeachtaí Covid-19 agus an Bhreatimeachta in éineacht a chéile.

D’ainneoin na ndúshlán sin, d’fhan an Comhlacht dírithe ar chuspóirí fadtéarmacha an Mháistirphlean 2040 agus lean infheistíocht chaipitiúil i mbonneagar atá ríthábhachtach go náisiúnta ar aghaidh ar leibhéal ard – €59.1m i 2020 agus €71.6m i 2021. Bhí an dul chun cinn sin tacaithe ag brabúis láidre airgid thirim le EBITDA de €48.8m i 2021.

Táimid ag súil le fás láidir i rith na bliana atá ag teacht- ar mhéideanna agus EBITDA - le hinfheistíocht chaipitiúil leanúnach i mbonneagar calafoirt ar an Tionscadal ABR agus an Tionscadal MP2 faoi seach.

Bhí treocht bhunúsach ar siúl le blianta fada d’fhás fadtéarmach ar mhéideanna Chalafort Átha Cliath agus spreag méadú ar an daonra é sin . Táimid ag súil go dtosóidh méideanna ag dul i méid arís i 2022 agus go sáróidh siad an leibhéal buaice ó 2019, rud a d’fhéadfadh tarlú chomh luath le 2023.

Is léir tionchair an Bhreatimeachta anois ó thaobh athraithe bunúsaigh ar dháileadh geografach méideanna aonadaithe amach ón mBreatain Mhór agus i dtreo Bhallstáit eile an AE.

Tá rialuithe teorann ag seirbhísí Stáit ag oibriú go han-éifeachtach sa mhéid is go bhfuil an Comhlacht ag iarraidh go bhfillfí leath ar laghad de na 14.6 heicteár de thailte teorann a tugadh chun oibríochtaí cigireachta teorann de chuid Custam agus na Roinne Talmhaíochta a éascú. Dúshlán ríthábhachtach é sin le sárú má táimid chun na pointí fáiscthe a mhaolú atá ag teacht chun cinn cheana.

San fhadtéarma, is gá go mbogfaí an bonneagar go léir um rialú teorann amach ó Chalafort Átha Cliath ar bhealach cosúil leis an gcaoi a bhfuiltear ag baint na ngníomhaíochtaí a bhaineann le lastas ach nach gníomhaíochtaí lárnacha iad ar nós oibríochtaí iostaí foilmhe coimeádáin agus clóis tarlóra foilmhe, go leanúnach ó limistéar an chalafoirt.

Ós rud é gur thosaigh oibríochtaí ar an gcéad láithreán i gCalafort Intíre Átha Cliath ag tús na bliana seo, táimid dóchasach go bhfeicfimid níos mó dul chun cinn i rith 2022 maidir le níos mó de na gníomhaíochtaí sin a bhaineann le calafort ach nach gníomhaíochtaí lárnacha iad a bhogadh ó Chalafort Átha Cliath, mar a bhí beartaithe chomh fada siar le 2014 nuair a d’fhoilsigh muid an Beartas um Shaincheadúnas Chalafort Átha Cliath.

Tionscadal Droichid T4

Má tá an bonneagar a bhfuilimid ag infheistiú ann chun an acmhainn iomlán a sholáthar a bhfuil sé deartha le soláthar, beidh gá le fáil réidh le neamhéifeachtúlacht i slabhra an tsoláthair agus táimid ag súil i rith 2022 go ndéanfar tuilleadh dul chun cinn maidir le hamanna fanachta a laghdú sna trí chríochfort coimeádán de chuid an chalafoirt. I rith 2022, déanfaidh muid córais ama fanachta níos doichte - áit a ndéanaimid iad a rialú - agus féachfaimid le hoibreoirí críochfoirt a spreagadh agus dul i bhfeidhm orthu chun ár samplaí a leanúint sna críochfoirt léasaithe nach bhfuil á rialú againn.

Bliain thábhachtach freisin atá sa bhliain atá le teacht ó thaobh phraghsáil an chalafoirt agus na chéad mhéaduithe le cur i bhfeidhm ar mhuirir bhonneagair an chalafoirt as earraí aonadaithe ó rinneadh comhlacht den chalafort i 1997. Tá na méaduithe sin ina gcuid de straitéis phraghsála cúig bliana a foilsíodh i 2021.

Chun tréchur an chalafoirt in aghaidh an heicteáir a dhúbailt, rud a bheidh riachtanach i ndeireadh na dála, beidh gá le hoibríochtaí an chalafoirt a dhigitiú agus tá sé beartaithe againn tionscadal a thosú i rith na bliana chun tosú ar dhul chun cinn a dhéanamh i dtreo na sprice seo.

Cuirtear béim leanúnach ar phleanáil fhadtéarmach sa Chomhlacht agus beimid ag obair i rith 2022 chun an Tionscadal 3FM a fhorbairt agus é mar sprioc iarratas pleanála a chur faoi bhráid an Bhoird Phleanála i 2023.

Is é an Tionscadal 3FM an tríú tionscadal Maistirphlean agus an tionscadal deireanach a bheidh ag teastáil chun acmhainn dheireanach Chalafort Átha Cliath a shroicheadh faoi 2040. Tá sé deartha chun críochfort nua coimeádán a sheachadadh lena ngabhfaidh acmhainn bhliantúil tréchuir de 360,000 aonad (612,000 TEU) agus críochfort lastais RóRó le hacmhainn de 288,000 aonad. Tá an Tionscadal 3FM ceaptha chun 20% d’acmhainn iomlán an lastais aonadaithe a sholáthar a bheidh ag teastáil faoi 2040 ar aon chúigiú cuid de thailte an chalafoirt ar Leithinis an Phoill Bhig.

“Cuirtear béim leanúnach ar phleanáil fhadtéarmach sa Chomhlacht agus beimid ag obair i rith 2022 chun an Tionscadal 3FM a fhorbairt agus é mar sprioc iarratas pleanála a chur faoi bhráid an Bhoird Phleanála i 2023.”

Eamonn O’Reilly, Príomhfheidhmeannach

Tionscadal 3FM

I mí na Samhna 2021 sheol an Comhlacht an Tionscadal 3FM, an tríú tionscadal sa Mháistirphlean agus an ceann deireanach atá riachtanach le haghaidh forbairt Chalafort Bhaile Átha Cliath a chríochnú agus é a thógáil chuig a toilleadh deiridh roimh 2040.

Tá freagairt don athrú aeráide ag croílár ár gcuid pleananna agus i rith 2022 leanfaimid ar aghaidh ag forbairt tionscadal oiriúnaithe chun éifeachtaí an ardaithe ar leibhéal na farraige a mhaolú chomh maith le héifeachtaí stoirmeacha níos treise i gcaitheamh na céad bliana atá le teacht. Chun na pleananna sin a chur i gcrích beidh gá leis an dá bhalla mara i gCalafort Átha Cliath a mhéadú – Balla an Bhulla Theas agus Balla an Bhulla Thuaidh – mar chuid den dúshlán comhordaithe a roinntear le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus an OPW chun Cathair Bhaile Átha Cliath a chosaint ar thionchair an athraithe aeráide, ar tionchair iad atá dosheachanta anois.

Tá dícharbónú gheilleagar na hÉireann riachtanach um fhreagairt na tíre ar an athrú aeráide. Chuireamar fáilte roimh dheireadh na n-ollmhairí móna gortóireachta ó Chalafort Átha Cliath i rith 2021 agus táimid ag súil go dtiocfaidh deireadh le hallmhairiú chóc peitriliam, i rith 2022, nó go han-luath ina dhiaidh sin.

Tá na hallmhairí de tháirgí peitriliam fós ag leibhéal an-ard, ar ábhar imní é, ach i rith 2022 tógfaimid ar ais an chéad chion de na saoráidí críochfoirt ola de chuid custaiméara amháin sa chalafort. Déanfar é sin a athfhorbairt chun acmhainn a sholáthar um stóráil iompair na lastas aonadaithe.

Seachas sin, tá cead pleanála againn ón mBord Pleanála inár dTionscadal MP2 chun athfhorbairt a dhéanamh ar cheann amháin den dá lamairne ola i gCríochfort Átha Cliath chun níos mó acmhainn críochfoirt a sholáthar um thrádáil LóLó. Táimid ag súil go mbeimid in ann é sin a bhaint amach sula rachaidh an cead pleanála as feidhm i 2035. Leanfaimid orainn ag déanamh monatóireachta ar threochtaí fuinnimh sa tír i rith 2022 agus táimid réidh le dearadh sonrach na gné sin den Tionscadal MP2 a thosú chomh luath is a cheapfar go mbeidh sé indéanta.

As na cuspóirí go léir atá againn le haghaidh 2022, is é an ceann is tábhachtaí atá againn ná athrú bunúsach ar chultúr sábháilteachta a bhaint amach ar fud Chalafort Átha Cliath. Tharla méid doghlactha tionóiscí marfacha agus tromchúiseacha i gcríochfoirt aonadaithe le blianta beaga anuas d’ainneoin na n-iarrachtaí go léir a rinneadh chun áiteanna oibre sábháilte a chur ar fáil. I rith 2021, thosaigh muid tionscnamh comhoibritheach leis na seacht gcríochfort aonadaithe d’fhonn iarracht a dhéanamh an cultúr sábháilteachta a athrú agus deireadh a chur le tionóiscí san ionad oibre ar fud Chalafort Átha Cliath. Oibreoimid go diongbháilte agus go comhoibritheach leis na críochfoirt i rith 2022 chun an cuspóir riachtanach sin a bhaint amach.

Ní bheidh mé féin san áireamh sa “muid” ach go dtí deireadh mhí Lúnasa, nuair a chríochnóidh mé mo chuid oibre le Comhlacht Chalafort Átha Cliath tar éis dom dhá bhliain déag a bhí gnóthach agus taitneamhach a chaitheamh ansin. Is é an rud is mó a aireoidh mé uaim ná a bheith ag obair ó lá go chéile le go leor cairde agus comhghleacaithe díograiseacha sa Chomhlacht, i gCalafort Átha Cliath agus ar fud thionscal na gcalafort san Eoraip agus níos faide anonn. Tá an Comhlacht faoi chúram maith, agus tá na pleananna, na daoine agus an t-airgeadas go léir i bhfeidhm chun na spriocanna uaillmhianacha a chomhlíonadh a thógfaidh Calafort Átha Cliath chuig a hacmhainn iomlán faoi 2040, 333 bliain ó bunaíodh an chéad údarás poirt – an Coiste Oifige Ballasta de chuid Bhardas Bhaile Átha Cliath i 1707.

Cé go gcuirfear béim ar fhorbairt fhadtéarmach Chalafort Bhaile Átha Cliath i rith 2022, beidh tionchair na tragóide atá tar éis muintir na hÚcráine a bhualadh chun tosaigh ar feadh na bliana.

 

Eamonn O’Reilly, Chief Executive

25th March 2022