Ráiteas ón gCathaoirleach
Athbhreithniú Trádála agus Airgeadais
Mar a bhíothas ag súil leis bliain an-dúshlánach ab í 2021 le haghaidh Chomhlacht Chalafort Átha Cliath agus an dá shaincheist mar a bhí Covid-19 agus an Breatimeacht chun tosaigh ar feadh na dara bliana i ndiaidh a chéile.
Faoi dheireadh Ráithe 1 bhí méideanna tréchuir níos ísle faoi 15% ná mar a bhí sa tréimhse chomhfhreagrach i 2020, agus tionchar ag bearta dianghlasála Covid-19 orthu chomh maith leis an stoc-charnadh suntasach a tharla ag deireadh 2020 agus muid ag druidim leis an mBreatimeacht. I gcaitheamh na coda eile den bhliain bhí na pátrúin trádála ag socrú arís agus bhí an trádáil níos ísle ag díreach 5.2% amhail dheireadh na bliana.
Cé gur tháinig laghdú de 6.6% ar an trádáil aonadaithe, mhéadaigh an trádáil neamhaonadaithe faoi 2.1% i gcomparáid leis an mbliain roimhe, agus é spreagtha ag an méadú ar allmhairí peitriliam de réir mar a d’oscail an geilleagar.
Is léir tionchar an Bhreatimeachta ag na hathruithe suntasacha atá feicthe againn ar shreafaí trádála tríd an gcalafort. Ar an gcéad dul síos tá aistriú feicthe againn ar na móid aonadaithe agus an trádáil fhoriomlán Rolladh-ann rolladh-as (RóRó) níos ísle ag 11.8% ó thaobh tonnáiste go 21.1m tona agus trádáil LóLó méadaithe ag 11.0% go 7.9m tona.
Ina theannta sin aistríodh ó ghnáthbhealaí trádála na Breataine Móire chuig seirbhísí díreacha Ilchríochacha. I 2021 laghdaigh sciar na Breataine Móire den trádáil aonadaithe ó 64% roimh an mBreatimeacht go 52% tar éis an Bhreatimeachta, agus mhéadaigh sciar an AE den trádáil aonadaithe ó 36% go 48%.
Ó thaobh méid iomlán na n-aonad a láimhseáladh tríd an gcalafort, ní dheachaigh na méideanna iomlán aonaid de RóRó agus LóLó agus iad curtha in éineacht a chéile, i laghad ach le 3.8% ó 1,484,894 aonad go 1,428,812 aonad, níl ansin ach laghdú de 56,082 aonad.
Le linn 2019 agus 2020 leithdháil Comhlacht Chalafort Átha Cliath 14.6 heicteár de thalamh calafoirt ar ghníomhaireachtaí Stáit chun a gcuid ceanglas a chomhlíonadh le haghaidh saoráidí bainteacha leis an mBreatimeacht.
Ar an dea-uair, d’éirigh le Seirbhísí Stáit an Ioncaim agus an Roinn Sláinte na socruithe oibre nua tar éis an Bhreatimeachta a chur i bhfeidhm agus ní dhéantar mórán úsáide as na tailte a leithdháil an Comhlacht le haghaidh a gcuid riachtanas agus gan gá le cigireacht fhisiceach a dhéanamh ar lastas ach le haghaidh díreach 3.3% de leantóirí.
Mar gheall nach raibh na tailte sin ar fáil um stóráil lastais le haghaidh iompair rachfar i bhfeidhm go mór ar acmhainn an chalafoirt amach anseo agus leanfaimid orainn ag plé leis an OPW agus leis na gníomhaireachtaí stáit ábhartha i rith 2022 d’fhonn cion de na tailte atá i gceist a fhilleadh ar an gcalafort chun tacú le fás amach anseo.
Ní hamháin go raibh feidhmíocht láidir airgeadais ann ach bhí feidhmíocht láidir i dtéarmaí tréchuir ann leis. Cé go raibh na méideanna tréchuir 5.2% níos ísle ní raibh iomlán an ioncaim 1.0% níos ísle ach agus é comhionann le €85.8m.
Bhí an Brabús Oibriúcháin níos ísle faoi €8.7m (19.8%) agus é comhionann le €35.4m mar thoradh go príomha ar mhéadú €2.9m ar an muirear dímheasa (a léiríonn an infheistíocht shuntasach leanúnach i mbonneagar calafoirt) agus méadú de €3.7m ar rátaí cathrach (mar thoradh ar an tarscaoileadh Covid-19 a cuireadh i bhfeidhm i 2020 agus nár cuireadh i bhfeidhm arís i 2021).
B’ionann an brabús le haghaidh na bliana agus €26.0m, laghdú de €8.3m (24.1%) i gcomparáid leis an mbliain roimhe.
Tá forléargas cuimsitheach ar an bhfeidhmíocht Trádála agus Airgeadais leagtha amach in Athbhreithniú an Phríomhfheidhmeannaigh agus i dTuarascáil na Stiúrthóirí.
Máistirphlean Chalafort Átha Cliath 2040 – Athbhreithnithe i 2018
Ceanglaítear ar Chomhlacht Chalafort Átha Cliath faoi Achtanna na gCuanta agus faoin mBeartas Náisiúnta ar Chalafoirt, an bonneagar calafoirt a sholáthar atá riachtanach chun trádáil idirnáisiúnta na hÉireann a éascú. Chuige sin níor tháinig aon laghdú ar shuíomh Chalafort Átha Cliath mar an phríomh-gheatabhealach don trádáil idirnáisiúnta de thoradh tionchair Covid-19 agus an Bhreatimeachta agus tá an Bord fós dírithe ar chinntiú go ndéanfar acmhainn an chalafoirt a sheachadadh go tráthúil chun freastal ar riachtanais eacnamaíocha na tíre san fhadtéarma.
Tá clár infheistíochta caipitiúla an Chomhlachta tacaithe ag Máistirphlean 2040 – Athbhreithnithe i 2018 ina gcuirtear fís i láthair um fhorbairt an Chalafoirt amach anseo ar aon dul lenár réamh-mheastacháin um méid tréchuir agus déantar iniúchadh criticiúil ar an gcaoi ar féidir an úsáid reatha talún i gCalafort Átha Cliath a bharrfheabhsú.
Tá an Máistirphlean curtha le chéile ag Comhlacht Chalafort Átha Cliath d’fhonn:
- Pleanáil um fhás inbhuanaithe amach anseo chomh maith le hathruithe ar an trádáil ar muir in earraí a éascú chomh maith le gluaiseachtaí paisinéara go hÉirinn agus uaithi agus maidir le réigiún Bhaile Átha Cliath ach go háirithe.
- Comhthéacs foriomlán a sholáthar um chinntí infheistíochta amach anseo.
- Machnamh a dhéanamh agus soláthar do bheartais náisiúnta agus réigiúnacha reatha, chomh maith le treoirlínte agus tionscnaimh áitiúla.
- Déanamh cinnte go bhfuil teacht le chéile agus sineirge idir na pleananna le haghaidh an Chalafoirt agus iad siúd le haghaidh Limistéar Dugthailte Bhaile Átha Cliath agus contaetha comharsanacha i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath.
- Cinnteacht a thabhairt do chustaiméirí faoin gcaoi a bhforbróidh an Calafort amach anseo chun a gcuid riachtanas a chomhlíonadh.
Ullmhaíodh an Máistirphlean tar éis do Chomhlacht Chalafort Átha Cliath dul i dteagmháil go forleathan le páirtithe leasmhara, agus léiríonn sé sin an chaoi a n-oibreoidh Comhlacht Chalafort Átha Cliath chun an Calafort a chomhtháthú níos fearr leis an gCathair agus le muintir Bhaile Átha Cliath.
Tionscadail Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh atá samhlaithe faoin Máistirphlean
Chun fís iomlán an Mháistirphlean a chomhlíonadh samhlaítear go mbeidh orainn trí cinn de Thionscadail mhóra um Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh (FBSanna) a chur i bhfeidhm agus go dtí seo táimid ag díriú ar na chéad dá thionscadal a theastaíonn – an Tionscadal um Athfhorbairt Bháisín Alexandra agus Tionscadal MP2.
Tionscadal um Athfhorbairt Bháisín Alexandra
Áirítear leis na forbairtí doimhniú agus síneadh bhallaí reatha na cé, soláthar cé nua RóRó 250 méadar ar fhad chomh maith le dhá bheart nua RóRó a chur ar fáil sa bháisín istigh, inlíonadh an bháisín ag beart 52/53, beart nua abhann a thógáil agus dreidireacht an chainéil loingseoireachta go doimhneacht 10m faoi bhun an tagra cairte.
Tionscadal MP2
I mí Iúil 2020, thug an Bord Pleanála cead pleanála cúig bliana déag don Tionscadal MP2, an dara ceann de na trí SID a theastaíonn chun Máistirphlean 2040 a sheachadadh.
Ceadóidh an cead sin dhá bheart a thógáil ar fhad foriomlán de 545 méadar le haghaidh longa coimeádán LóLó agus fad iomlán de 572 méadar in éineacht a chéile le haghaidh bád farantóireachta tiomána isteach, tiomána amach. Áireofar leis an tionscadal athfhorbairt a dhéanamh ar cheann de na lamairní ola atá ann cheana chun beart breise a chur ar fáil do longa coimeádáin nuair agus de réir mar a laghdóidh an t-éileamh ar bhreoslaí iontaise go buan mar fhreagairt ar bheartais náisiúnta maidir leis an athrú aeráide.
Idir an tionscadal um Chluas Mhara Dhubhliopach (ABR), atá á thógáil, agus an Tionscadal MP2, a mbeifear ag tosú ar a thógáil i 2022, tá na ceadanna pleanála go léir faighte ag Comhlacht Chalafort Átha Cliath, le haghaidh na móroibreacha forbartha go léir atá beartaithe ar an taobh thuaidh den chalafort faoi Mháistirphlean 2040 agus anois táimid tar éis ár mbéim a aistriú chun pleanáil i gcomhair chur i bhfeidhm an tríú – tionscadal 3FM.
Tionscadal 3FM
I mí na Samhna 2021 sheol an Comhlacht an Tionscadal 3FM, an tríú tionscadal agus an tionscadal deireanach faoin Máistirphlean a theastaíonn chun forbairt Chalafort Átha Cliatha a chríochnú agus a acmhainn iomlán a bhaint as faoi 2040.
Le Tionscadal 3FM, cuirfear 20% den acmhainn ar fáil a bheidh ag teastáil faoi 2040 trí mheán cheannfort nua LóLó a bheidh in ann 360,000 coimeádán a láimhseáil in aghaidh na bliana, agus críochfort nua RóRó a bheidh in ann 288,000 leantóir lastais a láimhseáil in aghaidh na bliana. Cuirfear an Tionscadal ar fáil ar thart ar an gcúigiú cuid de thailte Chalafort Átha Cliath atá suite ar Leithinis an Phoill Bhig ar chostas measta de €400m.
Tá an Tionscadal ag céim na réamhphleanála agus é samhlaithe go gcuirfidh an Comhlacht iarratas pleanála faoi bhráid an Bhoird Phleanála ag tús 2023. Tá an dearadh sonrach tionscadail á ullmhú ag an gComhlacht anois chomh maith leis na tuairiscí tionchair timpeallachta a theastaíonn le haghaidh tionscadal mór um bonneagar agus leanann sé air ag plé le gach páirtí leasmhar maidir le gach gné den tionscadal.
Tá sé ghné ag gabháil leis an tionscadal:
- Bóthar príobháideach nua ar a dtugtar Bealach Isteach an Chalafoirt Theas (Southern Port Access Route/SPAR) chun limistéir an chalafoirt thuaidh agus theas a nascadh, agus HGVanna a bhaint den bhóthar poiblí trí dhroichead nua trasna na Life, díreach soir ó Dhroichead Thomáis Uí Chléirigh, chun bealach ar a bhfuil níos lú tráchta a thabhairt do choisithe, rothaithe, agus d’úsáideoirí iompair phoiblí i gcomhair taistil ghníomhaigh trasna na cathrach.
- Tógáil chríochfort nua coimeádán os comhair Stáisiún Cumhachta an Phoill Bhig de chuid an ESB lena ngabhann acmhainn bhliantúil tréchuir de 360,000 coimeádán (thart ar 612,000 coimeádán comhionann le fiche troigh).
- Athfhorbairt ar an gcríochfort coimeádán reatha chun críochfort lastais RóRó nua a chruthú lena ngabhfaidh acmhainn bhliantúil tréchuir de 288,000 leantóir lastais.
- Ciorcail chasta ar thrastomhas 325 méadar um longa a chruthú os comhair Theach Pigeon.
- Forbairt 6.1 heicteár (15.1 acra) de pháirceanna poiblí nua i dtrí ionad ar Leithinis an Phoill Bhig chun tairbhe an phobail.
- Soláthar láithreán 1 heicteár chun spás a chur ar fáil d’fhóntais a theastaíonn, ar an gcéad dul síos le haghaidh scéim téimh ceantair na Cathrach a gheobhaidh cumhacht ó ionad dramhaíola go fuinneamh Coventa, agus ar an dara dul síos chun freastal ar raon fóntas um fhorbairt an Pembroke ag Baile Átha Cliath a Ceathair.
Idirphlé Phort Bhaile Átha Cliath Iar-2040
San Athbhreithniú a rinne mé anuraidh thug mé tuairisc fhairsing ar an tionscnamh um Idirphlé Chalafort Átha Cliath iar-2040 a sheol an Comhlacht i 2020. Tá an díospóireacht chuige sin ríthábhachtach maidir le cinntiú go mbíonn acmhainn riachtanach poirt fós ar fáil ar an gcósta thoir tar éis go mbeidh Calafort Átha Cliath ar lánacmhainn agus ar an gcúis sin measaim go bhfuil sé tábhachtach na príomhphointí a chur in iúl arís sa Tuarascáil seo.
Tá a fhios againn ónár dtaithí féin gur tréimhse ama réasúnta gairid atá i bhfiche bliain i gcomhthéacs tionscadail bhonneagair ar scála mór a chur i gcrích agus tá sé ríthábhachtach, mar sin, go leanfaimis ar aghaidh ag pleanáil chun gur féidir bonneagar riachtanach an chalafoirt a fhorbairt fós ar bhealach tráthúil agus inbhuanaithe.
D’fhéach an Comhlacht thar seacht bpáipéar leis na dúshláin atá romhainn a mhíniú agus a chur i gcomhthéacs ó thaobh soláthar fadtéarmach acmhainn an chalafoirt a phleanáil le freastal ar éileamh na todhchaí ar chósta thoir na hÉireann, faoi 2040 nó níos luaithe.
Agus anailís á déanamh ar na saincheisteanna a chlúdaítear leis na páipéir, tá an Comhlacht tar éis sé cinn de chonclúidí tábhachtacha a bhaint amach:
- Ní mór do Chomhlacht Chalafort Átha Cliath na tionscadail uile atá leagtha amach i Máistirphlean 2040 a thabhairt chun críche chun bonneagar a sheachadadh a mbeidh cumas tréchuir 77 milliún olltonna bliantúil aige faoi 2040.
- Go criticiúil, beidh gá le cead pleanála chun an tríú Tionscadal Máistirphlean agus an ceann deireanach, ar a dtugtar Tionscadal 3FM, a fháil.
- Chun tréchur de 77 milliún olltonna in aghaidh na bliana a bhaint amach faoi 2040, ní hé amháin go gcaithfear na tionscadail bhonneagair uile i Máistirphlean 2040 a chur i gcrích; ceanglófar leis freisin go dtiocfaidh méadú mór ar éifeachtúlacht oibríochtaí calafoirt ionas go mbeifear in ann úsáid a bhaint as an mbonneagar calafoirt a mhéid is féidir. Chuige sin, ní mór neamhéifeachtúlachtaí sistéamacha in oibríochtaí reatha an tslabhra soláthair a dhíothú.
- Sna 20 bliain amach romhainn, beidh gá le toilleadh breise ag calafoirt chósta thoir eile atá ann cheana ionas gur féidir freastal ar na méideanna nach féidir freastal orthu i mBaile Átha Cliath, de réir mar a théann Port Bhaile Átha Cliath i dtreo a thoillte iomláine.
- I rith na 20 bliain sin, beidh ar Chomhlacht Chalafort Átha Cliath obair a dhéanamh ar thionscadal DP1.5 ionas gur féidir é a thabhairt tríd an bpróiseas pleanála agus tosú ag tógáil faoi 2033 má bhíonn gá leis sin.
- Ní féidir na tionscadail chun acmhainní breise a chur ar fáil i gcalafoirt eile agus an tionscadal chun DP1.5 a thógáil a chur i gcrích ach le tacaíocht Stáit – níl aon cheann de na tionscadail ná aon cheann de na cuideachtaí calafoirt (Comhlacht Chalafort Átha Cliath san áireamh) in ann an maoiniú tionscadail a bheadh ag teastáil a thógáil.
Tá an t-eolas, an saineolas agus sonraí eolaíochta agus comhshaoil a fuarthas laistigh den Chomhlacht trí mhórthionscadail bhonneagair a sheachadadh i gCalafort Átha Cliath thar na deich mbliana mar bhuntaca do na tuairimí a léirítear sna páipéir.
Aithnímid, áfach, go bhfuil dearcthaí malartacha ann, lena n-áirítear dearcadh atá ann le fada gur cheart Calafort Átha Cliath a bhogadh ón suíomh ina bhfuil sé faoi láthair.
Dá bhrí sin, is é an cuspóir atá le páipéir Idirphlé Chalafort Bhaile Átha Cliath 2040 a fhoilsiú ná plé eolach agus rannpháirtíocht shubstainteach a thionscnamh agus a éascú maidir le príomhcheisteanna a bhfuil freagraí ag teastáil maidir leo ag an tráth ríthábhachtach seo, eadhon:
- Cén leibhéal toillte calafoirt a bheidh le cur ar fáil chun freastal ar an éileamh a bheidh ann amach anseo ar chósta thoir na hÉireann sna 20 bliain amach romhainn?
- Cá gcuirfear an toilleadh breise sin ar fáil?
- Conas a dhéanfar na tionscadail is gá chun an toilleadh breise sin a chur i gcrích a mhaoiniú agus a sheachadadh?
Tá cuireadh tugtha againn do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu i bpleanáil agus i bhforbairt fhadtéarmach an Chalafoirt agus na Cathrach araon, iad siúd ar mian leo dúshlán a thabhairt faoi smaointeoireacht agus faoi fhorbairt an Chomhlachta go dtí seo chun a gcuid smaointe a fhreagairt agus a roinnt ionas gur féidir cinntí eolacha a dhéanamh maidir le bonneagar calafoirt a fhorbairt amach anseo i gCalafort Átha Cliath agus in áiteanna eile ar an gcósta thoir, ag luí le pleananna agus straitéisí ábhartha laistigh den ordlathas pleanála náisiúnta.
Conclúid
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhfoireann bhainistíochta agus le foireann go léir Chomhlacht Chalafort Átha Cliath as a ngealltanas leanúnach le linn bliana dúshlánaí eile. Lean gach duine ar aghaidh ag obair ar bhealach eisceachtúil d’ainneoin dhúshláin Covid-19 agus an Bhreatimeachta agus iad fós dírithe ar na cuspóirí fadtéarmacha agus an straitéis a shocraigh an Bord.
Tréimhse dhúshlánach a bhí inti freisin i gcaitheamh an dá bhliain atá thart dár gcuid custaiméirí agus páirtithe leasmhara go léir agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as a dtacaíocht leanúnach.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire agus leis an bhfoireann dhíograiseach sa Roinn Iompair as a dtacaíocht agus rannpháirteachas gníomhach linn i rith 2021.
Is mian liom buíochas a ghabháil le mo chuid comhghleacaithe ar an mBord as a gcuid oibre le bliain anuas agus fáilte a chur roimh an mbeirt chomhalta nua boird Ms. Denise Cronin agus an Dr Berna Grist, a cheap an t-Aire chuig an mBord i mí Eanáir 2022.
Sa deireadh, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bPríomhfheidhmeannach, Eamonn O’Reilly as a shársheirbhís do Chomhlacht Chalafort Átha Cliath.
Chuir sé an-aiféala orainn a fhógairt i mí Feabhra 2022 go bhfuil Eamonn chun imeacht ón gComhlacht tar éis dó an Bord a chur ar an eolas go raibh sé ar intinn aige imeacht ag deireadh mhí Lúnasa 2022.
Bhí post an Phríomhfheidhmeannaigh ag Eamonn ó 2010 agus le dhá bhliain déag anuas, tá méid gnó an Chomhlachta méadaithe faoi aon cheathrú agus na brabúis imithe i méid ag trian. Faoi cheannaireacht Eamoinn, tá treoir straitéiseach an Chomhlachta athraithe ón mbonn. Ba é Eamonn a cheap agus a stiúir coincheap an Mháistirphlean 30-bliana don Chalafort agus é ina ghormchló fadtéarmach d’fhorbairt calafoirt, agus, laistigh de sin, an gá le bunathrú ar an ngaol idir an Calafort agus an Chathair. Mar thoradh ar an rath ó thaobh an chuspóra straitéisigh bunúsaigh sin a bhaint amach, tá tionscnaimh éagsúla chultúrtha, oidhreachta agus phobail tar éis teacht chun cinn chun an nasc tábhachtach sin a neartú. D’fhéach sé thar infheistíocht chaipitúil de €500 milliún i mbonneagar calafoirt atá ríthábhachtach go náisiúnta agus anois tá píblíne tionscadal agus airgeadais i bhfeidhm chun gur féidir le forbairt leanúint ar aghaidh chun Calafort Átha Cliath a thógáil i dtreo a acmhainne deireanaí faoi 2040.
Cúis bhróin dom féin agus don Bhord go bhfuil Eamonn ag imeacht. Táimid an-bhuíoch dó as a ghairmiúlacht ó ghabh sé don ról i 2010 agus guímid gach rath air sa chéad chéim eile dá ghairm.
Jerry Grant, Cathaoirleach
25ú Márta 2022