Tuarascáil na Stiúrthóirí

Cuireann na Stiúrthóirí a dTuarascáil Bhliantúil i láthair, mar aon le ráitis airgeadais iniúchta an Chomhlachta don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2021.

Freagracht na Stiúrthóirí as na Ráitis Airgeadais

Is iad na Stiúrthóirí atá freagrach as tuarascáil na Stiúrthóirí agus na ráitis airgeadais a ullmhú de réir Acht na gCuideachtaí 2014.

Ceanglaíonn dlí cuideachtaí na hÉireann ar na Stiúrthóirí ráitis airgeadais a ullmhú maidir le gach uile bhliain airgeadais. De réir an dlí, tá sé roghnaithe ag na Stiúrthóirí, na ráitis airgeadais a ullmhú i gcomhréir le FRS 102 an Caighdeán um Thuairisciú Airgeadais a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus Poblacht na hÉireann, arna eisiúint ag an Financial Reporting Council (“an creat ábhartha um thuairisciú airgeadais”). Faoi dhlí cuideachtaí, níl cead ag na Stiúrthóirí na ráitis airgeadais a fhaomhadh go dtí go bhfuil siad sásta go dtugann siad léargas ceart agus cóir ar shócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais an Chomhlachta amhail ar dháta deireadh na bliana airgeadais, agus ar bhrabús agus caillteanas an Chomhlachta sa bhliain airgeadais, agus go gcloíonn siad ar gach bealach eile le hAcht na gCuideachtaí 2014.

Le linn do na ráitis airgeadais sin a bheith á n-ullmhú, éilítear ar na Stiúrthóirí:

  • beartais chuntasaíochta oiriúnacha a roghnú don Chomhlacht agus iad a chur i bhfeidhm go seasta;
  • breitheanna agus meastacháin a dhéanamh atá réasúnta agus stuama;
  • a dhearbhú cé acu ar ullmhaíodh nó nár ullmhaíodh na ráitis airgeadais de réir na gcaighdeán cuntasaíochta ábhartha, na caighdeáin sin a shainaithint, agus nóta a dhéanamh de na hiarmhairtí agus na cúiseanna is bonn le haon imeacht ábhartha ó na caighdeáin sin; agus
  • ráiteas airgeadais a ullmhú ar bhonn an ghnóthais leantaigh ach amháin má tá sé míchuí glacadh leis go leanfaidh an Comhlacht i mbun gnó.

Tá na Stiúrthóirí freagrach as a chinntiú go gcoinneoidh an Comhlacht, nó go gcuirfear faoi deara don Chomhlacht taifid chuntasaíochta cruinn a choinneáil, a dhéanann idirbhearta an Chomhlachta a mhíniú agus a thaifeadadh i gceart, a ligeann dóibh sócmhainní, dliteanais, staid airgeadais, agus brabús agus caillteanas an Chomhlachta a dheimhniú go réasúnta cruinn ag aon am, a chuireann ar a gcumas a chinntiú go gcomhlíonann na ráitis airgeadais agus tuarascáil na Stiúrthóirí Acht na gCuideachtaí 2014, agus a éascaíonn iniúchadh na ráiteas airgeadais. Tá siad freagrach chomh maith as sócmhainní an Chomhlachta a chosaint agus as bearta réasúnta a dhéanamh dá bharr chun calaois agus neamhrialtachtaí eile a chosc agus a bhrath.

D’fhéadfadh difríochtaí a bheith ann idir an reachtaíocht Éireannach lena rialaítear ullmhú agus scaipeadh ráiteas airgeadais agus an reachtaíocht i ndlínsí eile. Tá na Stiúrthóirí freagrach as cothabháil agus ionracas na faisnéise corparáide agus airgeadais atá ar fáil ar láithreán gréasáin an Chomhlachta.

Stádas Dlíthiúil

Cuideachta Ghníomhaíochta Sainithe faoi theorainn scaireanna is ea Comhlacht Chalafort Átha Cliath, ar bunaíodh í faoi reacht de bhun an Acht Cuanta, 1996, agus atá ionchorpraithe in Éirinn. Ar an 3 Márta 1997, tháinig an Comhlacht isteach mar aonán comharba in áit Bhord Poirt agus Dugaí Bhaile Átha Cliath, an t-iar-aonán reachtúil a bhíodh freagrach as Port Bhaile Átha Cliath. Ar an dáta sin, ghlac Comhlacht Chalafort Átha Cliath ceannas ar fheidhmeanna na heagraíochta réamhtheachtaí, agus ghlac siad seilbh ar a sócmhainní agus dliteanais, bunaithe ar luachálacha a comhaontaíodh leis an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha a bhí ann ag an am. Mar chomaoin i leith na sócmhainní agus na ndliteanas, d’eisigh an Comhlacht scairchaipiteal ar luach €7.648m don Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha a bhí ann ag an am.

Le héifeacht ón 26 Iúil 1997, bhí an Comhlacht ina húdarás píolótaíochta do Chuan Bhaile Átha Cliath.

Le héifeacht ón 1 Eanáir 2006, aistríodh freagracht as Earnáil na bPort Tráchtála ón Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha go dtí an tAire Iompair.

Ar an 12 Iúil 2011, d’aistrigh an tAire Iompair sócmhainní agus dliteanais Chuideachta Phort Dhún Dealgan chuig Comhlacht Chalafort Átha Cliath faoi IR Uimh. 361 de 2011.

Príomhghníomhaíochtaí

Is é cuspóir gnó Chomhlacht Chalafort Átha Cliath ná gluaiseacht earraí agus paisinéirí, agus an sreabhadh eolais bainteach, a éascú tríd an bPort.

Soláthraíonn an Comhlacht an bonneagar, na háiseanna, na seirbhísí agus na láithreacha crua-sheasta le freastal ar riachtanais custaiméirí maidir le haistriú éifeachtúil earraí agus paisinéirí idir móid tíre agus muirí.

Gintear ioncam, maidir leis na háiseanna sin a chur ar fáil, ó na nithe seo a leanas: dleachtanna soithigh, dleachtanna earraí, cíos agus na príomhsheirbhísí a chuirtear ar fáil, amhail tuáil agus píolótaíocht.

Taifid Chuntasaíochta

Is iad na bearta atá glactha ag na Stiúrthóirí chun comhlíonadh a ráthú maidir le hoibleagáid an Chomhlachta taifid leordhóthanacha chuntasaíochta a choimeád ná córais agus nósanna imeachta chuí a úsáid agus daoine inniúla a fhostú. Coimeádtar na taifid chuntasaíochta in oifig chláraithe an Chomhlachta, Ionad an Phoirt, Bóthar Alexandra, Baile Átha Cliath 1.

Athbhreithniú Gnó

Tá mionsonraí faoi bhrabús na bliana, mar aon le suimeanna comparáideacha le haghaidh 2020, leagtha amach sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais agus sna nótaí gaolmhara. Tá Príomhtháscairí Feidhmíochta Airgeadais an ghnóthais leagtha amach thíos agus san Athbhreithniú ón bPríomhfheidhmeannach.

Bhí an tréchur 5.2% níos ísle ag 34.9 milliún tona ná mar a bhí i 2020 (2020: 36.9 milliún tona). Tháinig laghdú 9.4% ar allmhairí i rith na bliana go dtí 13.7 milliún tona (2020: 15.2 milliún tona), agus tháinig laghdú 2.3% ar onnmhairí go dtí 21.2milliún tona (2020: 21.7 milliún tona).

Ba é €85.8m láimhdeachas na bliana, laghdú 1.0% ar an mbliain roimhe (2020: €86.6m).

Ba iad na costais oibriúcháin iomlána i 2021 ná €50.4m; ba mhéadú €7.2m (16.8%) é sin ar 2020 (2020: €43.1m). Tá costais phárolla méadaithe 5% go €13.6m (2020: €13.0m). Mhéadaigh costais neamhphá eile €6.6m go €36.8m (2020: €30.2m) mar thoradh go príomha ar mhuirir dhímheasa níos airde de €2.9m agus muirir rátaí níos airde de €3.7m de thoradh tharscaoileadh rátaí i 2020.

Tá an Brabús Oibriúcháin 19.8% níos ísle ná 2020 agus é ag €35.4m agus an toradh air sin ná Corrlach Oibriúcháin de 41% (2020: 51%).

B’ionann tuilleamh roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh (EBITDA) agus €48.8m (2020: €53.9m).

Ba iad na glanchostais oibriúcháin ná €5.5m (2020: €4.5m).

Ba iad na glanmhuirir úis (gan ghlan-ús ar scéimeanna pinsin san áireamh) ná €6.0m (2020: €5.1m) agus is ionann cumhdach úis an Chomhlachta agus 6 uaire (2020: 9 n-uaire), bunaithe ar bhrabús roimh ús agus cáin, de bhreis ar ghlanmhuirir úis. Mhéadaigh Glanfhiachas ó €133.3m i 2020 go Glanfhiachas de €164.2m i 2021 agus comhlíonann an Comhlacht go hiomlán gach cúnant i dtaobh a chuid saoráidí iasachta.

Ba é brabús na bliana airgeadais ná €26.0m (2020: €34.2m).

Tháinig méadú ar an gCúlchiste Brabúis agus Caillteanais ó €496.5m amhail ar an 31 Nollaig 2020 go dtí €520.5m, agus tháinig méadú ar Chistí na Scairshealbhóirí ó €511.8m go dtí €535.7m sa tréimhse chéanna.

Baineadh amach tréchur de 34.9 milliún tona i 2021, a bhí 4.1% níos ísle ná an 36.7 milliún tona a bhí buiséadaithe.

Rioscaí agus Éiginnteachtaí Príomha

Ceann de na príomhéiginnteachtaí atá os comhair an Chomhlachta ná an mbeidh sé in ann an toilleadh calafoirt is gá don todhchaí a chur ar fáil.

I Meitheamh 2018, d’fhoilsigh an Comhlacht “Máistirphlean Chalafort Bhaile Átha Cliath 2040 - Athbhreithnithe i 2018, agus rinne sé sin an chéad Mháistirphlean, ar glacadh leis i 2012, a nuashonrú. Áiríodh san athbhreithniú próiseas leathan comhairliúcháin phoiblí ar tháinig dhá chonclúid thábhachtacha as:

  • Ar an gcéad dul síos, samhlaíodh sa Mháistirphlean filleadh ar leathnú Chalafort Bhaile Átha Cliath soir isteach go Cuan Bhaile Átha Cliath, ach anois níl Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath ag dul ar aghaidh leis mar rogha.
  • Ar an dara dul síos, chun freastal ar na riachtanais toillte a bhfuiltear ag súil leo, is gá do Chalafort Átha Cliath a bheith forbartha ar bhonn fás meánmhéideanna bliantúil de 3.3% i rith na tréimhse 30 bliain ó 2010 go dtí 2040, seachas an 2.5% a rabhthas ag glacadh leis i 2012. Dá bharr sin, tá ardú ó 60m tona go dtí 77m tona ar an riachtanas toillte le haghaidh 2040.

Leagann Máistirphlean 2040 amach an creat pleanála le haghaidh na trí thionscadal Forbartha Bonneagair Straitéisigh (SID) a theastaíonn chun cuspóir toillte 2040 a bhaint amach:

  • Is é an chéad SID ná Tionscadal Athfhorbartha Abhantraí Alexandra (ABR) agus leanadh ar aghaidh le tógáil ar an tionscadal seo i rith 2021.
  • I mí Iúil 2020, thug an Bord Pleanála cead pleanála cúig bliana déag don Tionscadal MP2, an dara ceann de na trí SID a theastaíonn chun Máistirphlean a sheachadadh. Faoi láthair táimid ag fetitheamh le deimhniú ar ár n-iarratas cladaigh agus é samhlaithe go dtosófar oibreacha faoin tionscadal MP2 tráth níos déanaí i mbliana.
  • Tugann muid an Tionscadal 3FM ar an tríú tionscadal agus an tionscadal deireanach. Tá an chéad chéim de chomhchomhairle le páirtithe leasmhara agus le daoine áitiúla déanta agus freisin tá tús curtha againn le comhchomhairle réamhiarratais leis an mBord Pleanála. Samhlaítear go gcuirfear an t-iarratas pleanála foirmiúil faoi bhráid an Bhoird Phleanála i ráithe a haon 2023.

Tá trí phríomhriosca agus neamhchinnteacht ann a d’fhéadfadh cosc a chur ar an gComhlacht i dtaobh cuspóir Mháistirphlean 2040 a bhaint amach chun an acmhainn tréchuir de 77 milliún olltona is gá a chur ar fáil faoi 2040:

  1. Tá baol ann nach bhfaighfear cead pleanála le haghaidh Thionscadal 3FM.
  2. D’fhéadfadh nach mbeifí in ann a chinntiú go n-oibreodh oibreoirí na gcríochfort aonadaithe ar (RóRó agus LóLó araon) ar an leibhéal ard d’úsáid talún a bheadh ag teastáil.
  3. D’fhéadfadh sé nach mbeadh tailte calafoirt leordhóthanacha ar fáil tar éis chaillteanas 14.6 heicteár (6% de limistéar talún iomlán Chalafort Bhaile Átha Cliath) do ghníomhaireachtaí Stáit chun rialuithe teorann ar thrádáil leis an Ríocht Aontaithe a éascú mar thoradh ar an mBreatimeacht.

D’fhéadfadh meascán de roinnt de na rioscaí sin nó iad go léir a bheith ina gcúiseanna go sroichfeadh Calafort Átha Cliath a uasacmhainn tréchuir chomh luath le 2030. Dá dtarlódh sin, bheadh gá le toilleadh breise calafoirt ag áiteanna eile ionas nach dtiocfadh easnamh náisiúnta toillte calafoirt chun cinn.

Tá éiginnteachtaí ó thaobh na trádála de ag bagairt ar an gComhlacht freisin mar gheall ar chor chun donais sa gheilleagar. Is iad Covid-19 agus an Breatimeacht na fachtóirí is déanaí atá tar éis tionchar a imirt ar thréchur agus ar fheidhmíocht airgeadais an Chomhlachta tar éis na tubaiste eacnamaíche i 2008.

I gcás an Bhreatimeachta ba léir athruithe suntasacha ar phátrúin trádála sa tréimhse díreach tar éis dheireadh idirthréimhse an RA:

  • Laistigh den trádáil aonadaithe bogadh roinnt earraí ó RóRó go LóLó. I gcaitheamh 2021 tháinig laghdú de 11.8% ar mhéideanna RóRó ó thaobh tonnáiste agus tháinig méadú de 11% ar mhéideanna LóLó ó thaobh tonnáiste.
  • Laghdaigh sciar na Breataine Móire den trádáil aonadaithe ó 64% roimh an mBreatimeacht go 52% tar éis an Bhreatimeachta agus mhéadaigh sciar an AE den trádáil aonadaithe ó 36% go 48%.
  • Rinneadh cuid den toirt a athrú ó Chalafort Átha Cliath go calafoirt i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar dhifríochtaí idir rialuithe teorann.

Amhail deireadh na bliana, d’fhéadfadh forbairtí maidir leis an gcogadh san Úcráin cur isteach go mór ar shlabhraí soláthair ar fud an domhain. Mar thoradh air sin táthar níos éiginnte maidir leis an tionchar féideartha ar chostais ionchuir ar leibhéal oibriúcháin agus an tionchar féideartha ar chostais maidir lenár gcuid táirgí foirgníochta. Déanfaidh an Comhlacht monatóireacht ar thionchar an bhrú bhoilscithe sin.

Tá an Comhlacht tar éis a chinntiú go mbeidh de shaoirse acu fós, agus an clár infheistíochta caipitiúla a bhfuiltear ag súil leis faoin Máistirphlean 2040 á bhaint amach acu, cur i bhfeidhm tionscadal a chur chun tosaigh nó a mhoilliú chun freagairt d’fhorbairtí eacnamaíocha níos leithne a d’fhéadfadh a bheith ag tarlú ag am ar bith.

Tá an Comhlacht nochta freisin do thionchar cúlaithe eacnamaíoch maidir le gníomhaíochtaí an Chalafoirt nach gníomhaíochtaí lárnacha iad. Is fianaise air sin an laghdú ó €10.9m i 2001 go dtí €4.2m ag deireadh na bliana 2012 ar luach réadmhaoine infheistíochta an Chomhlachta atá lonnaithe i bPáirc Gnó Rinn an Oirthir. Rinne ár gcuid comhairleoirí réadmhaoine luacháil arís ar an réadmhaoin ag deireadh 2021 agus mar thoradh air sin níor méadaíodh luacháil na bliana roimhe de €9.2m. Faoi láthair, tá laghdú carnach €1.7m tagtha ar luach na réadmhaoine.

Tá an Comhlacht geallta chun a nochtadh do riosca a láimhseáil go rathúil agus chun tionchar an riosca ar bhaint amach cuspóirí gnó a laghdú. Tá Coiste Iniúchóireachta agus Riosca bunaithe ag an mBord lena ngabhann téarmaí tagartha sonracha a léiríonn ról an Choiste maidir le tacú leis an mBord chun nochtadh an Chomhlachta do riosca a láimhseáil.

Tá Creat Bainistíochta Riosca curtha i bhfeidhm ag an gComhlacht, a bhfuil na gnéithe seo a leanas ina gcuid de:

  • Próisis chun rioscaí a aithint, a chur in ord tosaíochta agus a chur i gcatagóir,
  • Rioscaí a mheas agus a thomhas go leanúnach, agus
  • Monatóireacht a dhéanamh ar rioscaí agus iad a thuairisciú don Choiste Iniúchóireachta agus Riosca mar fhochoiste Boird.

Tá an Creat Bainistíochta Riosca cuimsitheach seo forbartha i ngach gné den ghnóthas agus áirítear leis na gnéithe seo a leanas:

  1. Bainistíocht Riosca Fiontair
  2. Plean Bainistíochta Éigeandála
  3. Bainistiú Riosca TFC
  4. Bainistiú Riosca maidir leis an bPíblíne Ola Coitianta
  5. Bainistiú Riosca maidir le Tionscadail Chaipitil
  6. Athbhreithniú Bliantúil ar Straitéis an Bhoird

Tar éis go ndearna an Bord athbhreithniú ar an gCreat Bainistíochta Riosca i bhFeabhra 2020, cuireadh na bearta seo a leanas i bhfeidhm chun bainistíocht fhoriomlán riosca sa Chomhlacht a neartú:

  • Cuirfidh an Príomhoifigeach Riosca (an Príomhfheidhmeannach) Tuairisc maidir le Riosca Straitéiseach i láthair ag gach cruinniú Boird, ina ndíreofar ar rioscaí faoi leith a bhfuil baint acu le straitéisí.
  • Gach bliain ag an athbhreithniú bliantúil ar Straitéisí an Bhoird (i Meitheamh / Iúil), déanfar na rioscaí a tuairiscíodh agus a pléadh ag cruinnithe Boird i rith na bliana a chuimsiú sa chlár oibre don athbhreithniú ar straitéisí an Bhoird lena chinntiú go gcuirfear na rioscaí straitéiseacha sin san áireamh i bpleananna gearrthéarmacha gnó.
  • Beidh na freagairtí ar na rioscaí straitéiseacha cuimsithe ansin sa Chlár Oibre a chuirfear faoi bhráid an Bhoird i Meán Fómhair sula dtosófar ag ullmhú buiséad don bhliain le teacht.
  • Ó am go chéile, déanfaidh an Bord athbhreithniú seachtrach a choimisiúnú ar éifeachtúlacht chur chuige foriomlán an Chomhlachta i leith bainistiú riosca, de réir mar atá éilithe sa Chód Cleachtais. Rinneadh an chéad athbhreithniú dá leithéid ó Nollaig 2020 go Feabhra 2021 agus dheimhnigh an tuarascáil deiridh a cuireadh faoi bhráid an Choiste Iniúchta agus Riosca go bhfuil cur chuige Chomhlacht Chalafort Átha Cliath maidir le bainistíocht riosca éifeachtach i ndáil leis na príomhrioscaí atá roimh an gComhlacht a aithint agus a mheasúnú.

Inghlacthacht riosca

Tá an Inghlacthacht riosca sa Chomnhlacht éagsúil, ag brath ar na réimsí agus gníomhaíochtaí difriúla lena mbaineann an gnó:

  • Tá an Bord toilteanach glacadh le leibhéal measartha riosca agus iad ag iarraidh a spriocanna straitéiseacha a bhaint amach.
  • Tuigeann an Bord go bhfuil comhbhabhtáil idir an riosca agus an luach saothair, agus chun inghlacthacht riosca cothromaithe a bhaint amach, glacann siad cur chuige stuama chucu féin maidir lena chinntiú go maoinítear an gnóthas go leordhóthanach, go háirithe ó thaobh tionscadail bhonneagair a mhaoiniú de. Níl an Bord sásta aon seansanna a thógáil a d’fhéadfadh príomhchúnaint i gcomhaontuithe na Comhlachta maidir le háiseanna fiachais a chur i mbaol.
  • Is tosaíocht de chuid an Bhoird é sábháilteacht paisinéirí, cuairteoirí, ball foirne agus oibrithe sa phort, agus is inghlacthacht thar a bheith íseal atá ag an mBord sna réimsí sábháilteachta agus slándála.
  • Téann an Comhlacht i muinín bearta chun rioscaí oibriúcháin a shainaithint agus a bhainistiú. Tá inghlacthacht riosca an-íseal ann i ndáil le córais chriticiúla a chothabháil agus sonraí a chosaint.
  • Féachann an Comhlacht chuig cinntiú go gcomhlíonann gníomhaíochtaí comhlíontachta ceanglais na rialachán ábhartha agus go gcoimeádann sé inghlacthacht íseal riosca i ndáil le saincheisteanna comhlíontachta agus rialála.

Ina theannta sin, úsáidtear na bearta seo a leanas chun riosca iomlán na feidhmíochta gnó a bhainistiú:

  • Ullmhú Buiséid Bhliantúil agus Pleananna Airgeadais Cúig Bliana,
  • Tuarascáil Mhíosúil agus Anailís Athraithis,
  • Rialuithe Airgeadais,
  • Príomhtháscairí Feidhmíochta, agus
  • Polasaithe, Caighdeáin agus Treoirlínte mionsonraithe chun tacú le rialú agus le maolú rioscaí.

Bainistiú an Riosca Airgeadais

Le hoibríochtaí an Chomhlachta nochtar é do rioscaí airgeadais éagsúla lena n-áirítear riosca ráta úis, riosca creidmheasa, agus riosca leachtachta agus sreafa airgid. Déantar athbhreithniú rialta ar bheartais chun an Comhlacht a chosaint ar rioscaí airgeadais. Níl an fhreagracht as monatóireacht ar bhainistíocht riosca airgeadais tarmligthe ag na Stiúrthóirí go fochoiste de chuid an Bhoird. Leagann an Bord Stiúrthóirí amach na beartais agus cuirtear i bhfeidhm ag Roinn Airgeadais an Chomhlachta iad.

Leachtacht agus Riosca Sreafa Airgeadais:

Tá meascán de mhaoiniú fiachais ghearrthéarmaigh, mheántéarmaigh agus fadtéarmaigh ag an gComhlacht, rud a dhéanann deimhin de go mbíonn rochtain acu ar chistí leordhóthanacha don infheistíocht chaipitiúil atá beartaithe. Chuir an Comhlacht saoráid iasachtaíochta de €50m i bhfeidhm le Banc Uladh i Márta 2017 chun fiachas an Chomhlachta a athchur agus a shíneadh. Ag deireadh 2020, bhí saoráidí geallta neamhtharraingthe de €50m ag an gComhlacht ar an tsaoráid seo.

I mí na Nollag 2015 chuaigh an Comhlacht isteach i gConradh Airgeadais leis an mBanc Eorpach Infheistíochta i dtaobh shaoráid mhaoinithe tionscadail ar luach €100m. Tá téarma 20 bliain ag an tsaoráid sin, agus bhí sí íostarraingthe ina hiomláine amhail ag deireadh 2019.

I mí na Nollag 2019 d’eisigh an Comhlacht €300m de bhannaí sinsearacha neamhurraithe chuig raon d’infheisteoirí institiúide. Amhail an 31 Nollaig 2021, bhí €200m de bhannaí ceannaithe. I rith 2021 aontaíodh ceannach an €100m eile de bhannaí, ar a dtugtar bannaí réamhcheannacháin, a chur siar ó Mheán Fómhair 2021 go Meán Fómhair 2022. Coimeádann an Comhlacht an rogha cuid den ghealltanas a chealú chun cuid de na bannaí réamhcheannacháin nó iad go léir a cheannach saor in aisce.

Is é beartas an Chomhlachta ná an toradh infheistíochta a uasmhéadú trí iarmhéideanna breise airgid a chur i dtaisce airgid thirim ar riosca íseal ar bhonn gearrthéarmach. Tá mandáidí ciste i bhfeidhm ag an gComhlacht le roinnt institiúidí airgeadais le haghaidh an chuspóra sin.

Riosca Creidmheasa

Bíonn an Comhlacht nochta do riosca creidmheasa le linn na trádála agus chun an riosca sin a bhainistiú déanann sé seiceálacha cuí creidmheasa ar chustaiméirí ionchasacha agus ní dhéanann sé trádáil ach le tríú páirtithe atá aitheanta mar inchairde.

Riosca Ráta Úis

Chun nochtadh an Chomhlachta do ghluaiseachtaí diúltacha suntasacha ar rátaí úis a bhainistiú, tá sé mar bheartas ag an gComhlacht 60 faoin gcéad ar a laghad dá fhiachas a choimeád ag rátaí úis seasta. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, tá an Comhlacht imithe isteach i gcomhaontú ráta úis seasta leis an mBanc Eorpach Infheistíochta ar an tsaoráid mhaoinithe tionscadal ar luach €100m. I 2019, d’eisigh an Comhlacht €300m de bhannaí sinsearacha neamhurraithe ag ráta cúpóin sheasta.

Imeachtaí ó dheireadh na bliana airgeadais

Níor tharla aon imeachtaí idir dáta an Chláir Chomhardaithe agus an dáta ar ar fhaomh an Bord na ráitis airgeadais.

Forbairtí na Todhchaí

Tá Clár Infheistíochta Caipitiúla buiséadaithe de €83.3m ag an gComhlacht le haghaidh 2022. Áiríonn an Clár Infheistíochta Caipitiúla le haghaidh 2022 €25.9m i dtaobh thionscadail Mháistirphlean 2040, €16.5m i dtaobh Eastát agus €13.8m i dtaobh an Tionscadail um Athfhorbairt Bháisín Alexandra (“ABR”).

Torthaí agus Díbhinní

B’ionann brabús an Chomhlachta le haghaidh na bliana airgeadais agus €26.0m. Ba iad seo a leanas leithdháiltí agus moltaí na Stiúrthóirí i leith na suime sin:


2021

2020


€’000

€’000

Díbhinn Eatramhach de €0.00 (2020: €0.00) in aghaidh na gnáthscaire íoctha

-

-

Brabús don Bhliain Airgeadais

25,995

34,251

Méadú ar an mBrabús Coinnithe

25,995

34,251

Níl sé beartaithe ag na Stiúrthóirí díbhinn deiridh a fhógairt.

Leasanna na Stiúrthóirí agus an Rúnaí

Ní raibh aon leas ag na Stiúrthóirí ná an Rúnaí i scairchaipiteal an Chomhlachta amhail an 31 Nollaig 2021 agus 2020.

An tAcht um Íoc Pras

Is é beartas an Chomhlachta soláthraithe a íoc i gcomhréir le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Íocaíochtaí Déanacha in Idirbhearta Tráchtála), 2002 agus leis an Acht um Íoc Pras Cuntas, 1997.

Chuige sin, tá gnáthaimh íocaíochta an Chomhlachta ceaptha chun cinnteacht réasúnta a thabhairt i gcoinne neamh-chomhlíonadh ábhartha théarmaí na Rialachán. Is é 30 lá an tréimhse chaighdeánach chreidmheasa, ach amháin má shonraítear a mhalairt sna socruithe conartha. Rinneadh formhór na n-íocaíochtaí de réir uimhreach agus luacha laistigh den tréimhse chuí chreidmheasa de réir mar is gá. Ar an ábhar sin, tá na Stiúrthóirí sásta gur chloígh an Comhlacht le ceanglais an Achta.

Stiúrthóirí

Leagtar amach thíos ainmneacha na ndaoine a bhí ina Stiúrthóirí ag aon am le linn na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2021.

J Grant

E O’Reilly

M Brophy

H Collins (chuaigh an tréimhse oifige in éag ar an 15 ú Eanáir 2021)

G Darling

M Hand

K Nolan

Caidreamh le Scairshealbhóirí

Bíonn feidhmíocht trádála, pleananna don todhchaí agus fadhbanna straitéiseacha á bplé go leanúnach ag an gCathaoirleach, an Príomhfheidhmeannach agus an lucht bainistíochta i gcomhpháirt le scairshealbhóirí an Chomhlachta. Bíonn ar an Aire Iompair agus/nó ar an Aire Airgeadais ábhair shonraithe ar leith a fhaomhadh, agus déantar cumarsáid leanúnach leis an Aire ábhartha trína ranna faoi seach. Tuairiscíonn an Cathaoirleach don Aire Iompair mar a éilítear faoi Alt 28 den Acht Cuanta, 1996 agus faoin gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú.

Rialachas Corparáideach

Tá Comhlacht Chalafort Átha Cliath tiomanta do na caighdeáin rialachais corparáidí is airde a chaomhnú, agus tá glactha acu le prionsabail an rialachais corparáide agus leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú arna n-eisiúint ag an Roinn Airgeadais i mí na Bealtaine 2009. Rinneadh nuashonrú ar an gCód Cleachtais ar an 1 Meán Fómhair 2016 agus cuireadh forálacha an Chóid nuashonraithe i bhfeidhm ar an tréimhse tuairiscithe airgeadais a thosaigh ar an 1 Eanáir 2017. Chomh maith leis sin, cloíonn an Comhlacht lena chuid oibleagáidí faoin Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin iad formhór na Stiúrthóirí agus iad ceaptha ag an Aire. Tagann an Bord le chéile go foirmiúil gach mí agus cuirtear sceideal foirmiúil ábhar faoina bhráid go heisiach chun go ndéanfaí cinneadh ina leith. Tá an Bord freagrach as cumhachtaí uile an Chomhlachta a fheidhmiú, seachas na cinn atá curtha i leataobh le haghaidh na Scairshealbhóirí, agus tá comhfhreagracht orthu as oibríochtaí uile an Chomhlachta. D’fhéadfadh an Bord a chuid cumhachtaí a tharmligean mar is mian leis, do Choiste Boird nó don Phríomhfheidhmeannach, faoi réir na srianta nó an rialaithe a fhorchuirtear lena leithéid de tharmligean. Faoi réir chead ón Aire i gcásanna áirithe, rinne an Bord forchoimeád cinntí a fhaomhadh go foirmiúil maidir le feidhmeanna áirithe sna réimsí seo a leanas: Rialachas, Maoiniú, Soláthar, Oibríochtaí agus Ceapacháin Acmhainní Daonna. Tá rochtain ag an mBord ar chomhairle agus ar sheirbhísí Rúnaí an Chomhlachta agus is féidir leo comhairle neamhspleách ghairmiúil a fháil nuair a mheastar go bhfuil sé riachtanach.

Éilíonn an Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú go ndéanfadh an Bord féinmheastóireacht go bliantúil chun a fheidhmíocht a mheas. Thug an Bord athbhreithniú féinmheasúnaithe bunaithe ar cheistneoir atá le fáil sa Chód Cleachtais chun críche i bhFeabhra 2022. Éilíonn an Cód Cleachtais go ndéanfaí meastóireacht sheachtrach fhoirmiúil gach trí bliana ar a laghad. Cuireadh an t-athbhreithniú neamhspleách i bhfeidhm i rith an tsamhraidh i 2019 agus tuairiscíodh é don Bhord i Meán Fómhair. Dhearbhaigh na torthaí a bhí ar an meastóireacht fhoirmiúil a rinneadh i 2019 go bhfuil an Bord ag feidhmiú go héifeachtach, agus moladh iontu roinnt ceisteanna ar chóir don Bhord athbhreithniú a dhéanamh orthu. D’aontaigh an Bord tús a chur le meastóireacht eile i 2022.

Bhunaigh an Bord Coiste Iniúchóireachta i 1997 faoi théarmaí foirmiúla tagartha. Athbhunaíodh an Coiste seo i 2012 mar an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca. Leagadh amach sna téarmaí tagartha cuspóir, údarás agus comhaltas an Choiste, mar aon lena fhreagrachtaí sna réimsí seo a leanas: tuairisciú seachtrach airgeadais, iniúchadh seachtrach, rialachas corparáideach agus iniúchadh inmheánach.

Ag a chruinniú ar an 29ú Eanáir 2021 dheimhnigh an Bord ceapachán an Uas. John Kelly mar Chathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca agus an Uas. Michael Brophy agus an Uas. Jerry Grant mar chomhaltaí coiste.

Tháinig an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca le chéile cúig uaire le linn na bliana. Ba iad comhaltaí an Choiste i gcaitheamh na bliana ná an tUas. John Kelly, an tUas. Michael Brophy agus an tUas. Jerry Grant.

Chomh maith leis sin, bhunaigh an Bord Coiste Luach Saothair i 1999. Ba iad comhaltaí an choiste le linn na bliana ná an tUas. Geoffrey Darling, an tUas. Michael Hand agus an tUas. Jerry Grant. Feidhmíonn an Coiste faoi théarmaí foirmiúla tagartha.

I mí an Mhárta 2021 bhunaigh an Bord Coiste Bonneagair chun cabhrú leis an mBord leis an mbeartas ginearálta agus an straitéis a chinneadh i ndáil le forbairt bhonneagar an chalafoirt. Ceapadh an tUas. Michael Hand mar Chathaoirleach an Choiste. Ba iad comhaltaí an Choiste i gcaitheamh na bliana ná an tUas. Jerry Grant, an tUas. Michael Hand, an tUas. Keith Nolan agus an tUas. Eamonn O’Reilly.

Freastal ar Chruinnithe

Tionóladh 10 gCruinniú Ginearálta Boird le linn na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2021.

Freastal na Stiúrthóirí ar chruinnithe an Bhoird:

I láthair

Incháilithe chun a bheith i láthair

J Grant

10

10

E O’Reilly

10

10

M Brophy

10

10

G Darling

10

10

M Hand

9

10

K Nolan

10

10

An Coiste Iniúchóireachta agus Riosca

M Brophy

5

5

H Collins

5

5

L Williams

5

5

An Coiste Bonneagair

J Grant

1

1

M Hand

1

1

K Nolan

1

1

E O’Reilly

1

1

Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht

Tá Comhlacht Chalafort Átha Cliath tiomanta do chomhionannas, do dhínit, d’éagsúlacht agus do neamh-idirdhealú a chur i gcroílár an Chomhlachta. Mar chuid dá ghealltanas leanúnach chun Éagsúlachta agus Ionchuimsitheacha, leanann Comhlacht Chalafort Átha Cliath air ag athbhreithniú agus ag forbairt beartas agus straitéisí chun an rún sin a léiriú agus faoi láthair tá athbhreithniú á dhéanamh aige ar gach beartas a thacaíonn le teaghlaigh. Bíonn an éagsúlacht agus an ionchuimsitheacht mar ghnéithe lárnacha d’oiliúint na mbainisteoirí agus na mball foirne. Is í an aidhm fhoriomlán atá againn ná go léireofaí na fréamhacha doimhne atá ag Comhlacht Chalafort Átha Cliath ina chomharsanacht in éagsúlacht phobal CPÁC ag an obair.

Speansais na Stiúrthóirí

Íocadh speansais de mhéid €2,109 (2020: €1,229 le comhaltaí an Bhoird i rith na bliana i dtaobh speansais taistil.

Rialuithe Inmheánacha

Tá freagracht iomlán ar an mBord as córais rialaithe inmheánaigh an Chomhlachta. Ní féidir leis na córais sin atá á gcoinneáil ag an gComhlacht ach gealltanas réasúnta a thabhairt, seachas gealltanas iomlán, go ndéantar idirbhearta i gcomhréir le húdarú an luchta bainistíochta, go gcosnaítear sócmhainní, go gcuirtear cosc ar chalaois agus go gcoinnítear taifid chearta airgeadais. Deimhníonn an Bord go bhfuil athbhreithniú déanta aige ar éifeachtúlacht chóras an rialaithe inmheánaigh.

Chun a dheimhniú go gcuirtear rialuithe inmheánacha an Chomhlachta i bhfeidhm go héifeachtúil, fostaíodh pearsanra cáilithe agus leithdháileadh na dualgais orthu mar is ceart.

Áirítear le córais an rialaithe inmheánaigh:

  • Déantar rioscaí gnó a aithint agus a dtionchair airgeadais a mheas trí athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar Phlean Straitéiseach an Chomhlachta. Tugtar achoimre thuas ar an bpróiseas a bhaineann le Creat Bainistíochta Riosca an Chomhlachta faoin gceannteideal “Rioscaí agus Éiginnteachtaí Príomha”. Ghlac an Bord leis an bPlean Straitéiseach is déanaí don tréimhse 2022 go dtí 2026 i mí na Nollag 2021;
  • Buiséad bliantúil faofa ag an mBord agus measúnú míosúil ar fhíorthorthaí i gcomparáid le réamhaisnéisí buiséid;
  • Coiste Iniúchóireachta agus Riosca a bunaíodh chun na rudaí seo a leanas a athbhreithniú agus a phlé leis na hiniúchóirí inmheánacha agus seachtracha: rialuithe inmheánacha cuntasaíochta an Chomhlachta, an fheidhm Iniúchóireachta Inmheánaí, rogha na mbeartas cuntasaíochta, pleananna iniúchóireachta inmheánacha agus seachtracha, tuarascáil reachtúil na n-iniúchóirí, an tuairisciú airgeadais agus ábhair ghaolmhara eile;
  • Feidhm Iniúchóireachta Inmheánaí trína ndéantar athbhreithniú ar phríomhphróisis agus ar phríomhrialuithe gnó;
  • Cóid fhoirmiúla iompair le haghaidh Stiúrthóirí agus fostaithe; agus
  • Beartais agus nósanna imeachta soláthair. Ar an gcead dul síos, déanann siad sin deimhin de go dtéitear i mbun gníomhaíochtaí soláthair chun luach ar airgead a sholáthar i dtéarmaí na gcostas saolré foriomlána agus, lena chois sin, go gcloítear leis na Treoirlínte Stáit agus na Treoracha AE ábhartha uile a bhfuil feidhm acu maidir le Fóntais Phoiblí. Tá an Comhlacht ag cloí leis na ceanglais oiriúnacha faoin gCód Caiteachais Phoiblí ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

 

Tá athbhreithniú déanta ag an mBord, tríd an gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca, ar éifeachtúlacht chóras an rialaithe inmheánaigh suas go dtí dáta faofa na ráiteas airgeadais.

Rinne an tIniúchóir Inmheánach athbhreithniú ar éifeachtúlacht chóras an rialaithe inmheánaigh agus níor thángthas ar aon laigí suntasacha rialaithe a bhfuil riosca suntasach ag baint leo maidir le caillteanas airgeadais nó cur isteach oibríochtúil, a éilíonn cúram láithreach ag leibhéal an Bhoird.

Ráiteas comhlíonta

Admhaíonn Stiúrthóirí an Chomhlachta go bhfuil siad freagrach as comhlíonadh an Chomhlachta lena cuid oibleagáidí ábhartha a ráthú (mar atá sainmhínithe in Acht na gCuideachtaí 2014 (an “tAcht 2014”)) agus, mar atá éilithe faoi alt 225 den Acht 2014, deimhníonn na Stiúrthóirí:

(i) gur ullmhaíodh ráiteas beartais comhlíonta ina leagtar amach beartais an Chomhlachta maidir lena n-oibleagáidí ábhartha faoin Acht 2014 a chomhlíonadh;

(ii) gur cuireadh socruithe agus struchtúir i bhfeidhm a mheasann na Stiúrthóirí gur leor iad chun cloí ábhartha le hoibleagáidí cuí an Chomhlachta a chinntiú; agus

(iii) go ndearnadh athbhreithniú ar na socruithe agus struchtúir le linn na bliana airgeadais lena mbaineann Tuarascáil na Stiúrthóirí.

Síntiúis Pholaitíochta

Ní dhearna an Bord aon síntiús polaitíochta i rith na bliana.

Nochtadh Faisnéise do na hIniúchóirí

Tá sé deimhnithe ag gach Stiúrthóir a bhí in oifig amhail dháta na tuarascála seo:

  • Go bhfios dó/di, nach bhfuil aon fhaisnéis ábhartha iniúchta ann nach bhfuil ar eolas ag iniúchóirí reachtúla an Chomhlachta; agus
  • Go bhfuil na bearta go léir déanta aige/aici ar cheart iad a bheith déanta aige/aici mar Stiúrthóir chun eolas a fháil ar aon fhaisnéis ábhartha iniúchta agus chun a dhearbhú go bhfuil an fhaisnéis sin ar eolas ag iniúchóirí reachtúla an Chomhlachta.

Iniúchóirí Reachtúla

Leanfaidh an t-iniúchóir, Deloitte Ireland LLP, Cuntasóirí Cairte agus Gnólacht Iniúchóireachta Reachtúil, in oifig i gcomhréir le halt 383(2) d’Acht na gCuideachtaí, 2014.

Thar ceann an Bhoird

Jerry Grant Cathaoirleach
Eamonn O’Reilly Príomhfheidhmeannach

25ú Márta 2022