Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais
19. Iasachtaí agus Fiachas Eile
2021 |
2020 |
|
---|---|---|
€’000 | €’000 | |
Iomlán na n-iasachtaí | 288,167 | 293,430 |
288,167 | 293,430 | |
Tá na hiasachtaí sin iníoctha i gcaitheamh na dtréimhsí seo a leanas tar éis dheireadh na bliana: | ||
I mbliain amháin nó níos lú |
5,263 |
5,263 |
Idir bliain amháin agus dhá bhliain |
5,263 |
5,263 |
Idir trí agus cúig bliana |
15,790 |
15,790 |
I níos mó ná cúig bliana | 261,851 | 267,114 |
288,167 | 293,430 | |
Iasachtaí bainc fhadtéarmacha | 88,158 | 93,421 |
Iasachtaí socrúcháin phríobháidigh | 200,009 | 200,009 |
288,167 | 293,430 |
Iasachtaí bainc reatha:
Tá comhaontú déanta ag an gComhlacht le Banc Uladh DAC maidir le saoráid chreidmheasa imrothlaigh ar luach €50m. Cuireadh an tsaoráid sin i bhfeidhm ar bhonn téarma cúig bliana i dtosach báire, agus bhí rogha ann é sin a shíneadh ar feadh dhá thréimhse d’aon bhliain amháin, faoi réir cead ón mbanc. D’fheidhmigh an Comhlacht a rogha le linn 2019 chun an tsaoráid a shíneadh, agus tá sí anois le bheith aisíoctha go hiomlán i Márta 2024. Bhí an tsaoráid gan íostarraingt amhail ag deireadh na bliana (2020: €NIALAS).
Tá an ráta úis ar an iasacht athraitheach ar bhonn an EURIBOR agus ar an gcorrlach is infheidhme. Níl aon urrús inláimhsithe á choimeád ag Banc Uladh i leith na saoráide sin.
Iasachtaí bainc fhadtéarmacha:
I mí na Nollag 2015 chuaigh an Comhlacht isteach i gConradh Airgeadais leis an mBanc Eorpach Infheistíochta i dtaobh shaoráid mhaoinithe tionscadail ar luach €100m. Bhí an tsaoráid sin i bhfeidhm ar feadh téarma 20 bliain agus bhí sí íostarraingthe go hiomlán amhail ag deireadh na bliana. B’ionann an t-iarmhéid gan íoc agus €88.2m amhail an 31 Nollaig 2021 (2020: €93.4m).
Iasachtaí socrúcháin phríobháidigh:
I mí na Nollag 2019 d’eisigh an Comhlacht €300m de bhannaí sinsearacha neamhurraithe chuig raon d’infheisteoirí institiúide. Eisítear na bannaí ráta seasta sin in euro agus tá siad liostaithe ar an Margadh Malairte Domhanda de Euronext Bhaile Átha Cliath. Tiocfaidh na bannaí in aibíocht i Meán Fómhair 2049. Amhail an 31 Nollaig 2021, bhí €200m de bhannaí ceannaithe. I rith 2021 aontaíodh ceannach an €100m eile de bhannaí, ar a dtugtar bannaí réamhcheannacháin, a chur siar ó Mheán Fómhair 2021 go Meán Fómhair 2022. Coimeádann an Comhlacht an rogha cuid den ghealltanas a chealú chun cuid de na bannaí réamhcheannacháin nó iad go léir a cheannach saor in aisce.
Anuas air sin, d’eisigh an Comhlacht méid nótaí neamhliostaithe d’fho-ghrúpa infheisteoirí ar phraghas ainmniúil. Is meicníocht mhalartach d’infheisteoirí iad nótaí neamhliostaithe, a chuireann ar a gcumas suibscríobh do na bannaí atá fágtha (in ionad bannaí réamhcheannacháin a cheannach). Amhail an 31 Nollaig 2021, bhí €9,000 faighte ag an gComhlacht i ndáil le nótaí neamhliostaithe a cheannach.
Tá coinníollacha ag an bhfiachas socrúcháin phríobháidigh agus ag saoráidí eile, a éilíonn ar an gComhlacht cúnaint áirithe a chomhlíonadh. Amhail an 31 Nollaig 2021, tá an Comhlacht ag cloí go hiomlán leis na riachtanais uile maidir le cúnaint.