Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais
30. Sochair iarfhostaíochta
Oibríonn an Comhlacht ceithre scéim pinsin le sochair sainithe agus scéim pinsin le ranníocaíocht shainithe. Ar an 1 Eanáir 2005 dúnadh na scéimeanna sochair sainithe d’iontrálaithe nua.
Scéim Ranníocaíochtaí Sainithe
Tá fostaithe a thosaigh ag obair leis an gComhlacht tar éis an 1 Eanáir 2005 ina mbaill den scéim pinsin le ranníocaíocht shainithe. Íocann na baill agus an Comhlacht ranníocaíochtaí ag rátaí seasta. I rith na bliana rinne an Comhlacht ranníocaíocht €1,005k (2020: €848k) sa scéim pinsin le ranníocaíocht shainithe, agus rinneadh an méid sin a mhuirearú ar an gcuntas Brabúis agus Caillteanais. Is é Irish Pensions Trust Limited, Comhlacht iontaobhaí neamhspleách gairmiúil, an t-aon iontaobhaí amháin de chuid na scéime le ranníocaíocht shainithe.
Scéimeanna Sochair Sainithe
(a) Oibríonn an Comhlacht ceithre scéim pinsin le ranníocaíocht shainithe bunaithe ar thuarastail dheireanacha inphinsin d’fhostaithe incháilithe, lena n-áirítear fostaithe agus iarfhostaithe Chuideachta Phort Dhún Dealgan agus an t-aonán a bhí ann roimh an gComhlacht, Bord Poirt agus Duganna Bhaile Átha Cliath.
Déanann iontaobhaithe riarachán ar na ceithre scéim. Is iad seo a leanas na scéimeanna: “Ciste Aoisliúntais Chalafort Átha Cliath 1996”, “Ciste Aoisliúntais um Piolótaí Chuideachta Chalafort Átha Cliath”, “Scéim Sochar Scoir um Phríomhfheidhmeannach Chomhlacht Chalafort Átha Cliath” agus “Scéim Pinsin Chomhlacht Chalafort Átha Cliath um Iarfhostaithe Chuideachta Phort Dhún Dealgan”.
Is iad an Comhlacht agus na baill scéime a cheapann iontaobhaithe Chiste Aoisliúntais Chalafort Átha Cliath 1996. Reáchtáladh an toghchán iontaobhaí baill is deireanaí do chiste Aoisliúntais Chalafort Átha Cliath 1996 i 2017 agus rinne an Bord ceapachán ceathrar fostaithe a dhaingniú ag a chruinniú ar an 8 Nollaig 2017. I dteannta leis an gceathrar iontaobhaithe atá ina mbaill, cheap an Comhlacht ceathrar iontaobhaithe eile.
Is é Irish Pensions Trust Limited, Comhlacht iontaobhaí neamhspleách gairmiúil, an t-aon iontaobhaí amháin de na trí scéim eile.
Níl aon scéimeanna neamh-mhaoinithe i bhfeidhm amhail an 31 Nollaig 2021.
(b) Luacháil Achtúireach
Déantar seasamh maoinithe na gceithre scéim sochair sainithe a mheasúnú de réir chomhairle achtúirí neamhspleácha. Déantar an seasamh maoinithe a mheasúnú go foirmiúil gach trí bliana.
Tá sé ar intinn ag an gComhlacht ranníocaíochtaí rialta a dhéanamh leis na ceithre scéim de réir na moltaí a leag na hachtúirí amach sna tuarascálacha achtúireachta iomchuí le haghaidh gach scéime.
Ullmhaíodh na luachálacha achtúireacha infheidhme is deireanaí do na príomhscéimeanna ar an 1 Eanáir 2021. Ba é Mercer a chuir na tuarascálacha i gcrích, agus ní oifigigh ná fostaithe de chuid an Chomhlachta iad. Tá na tuarascálacha luachála ar an 1 Eanáir 2021 ar fáil lena scrúdú ag baill na scéime ach níl siad ar fáil lena scrúdú ag an bpobal.
Tá na chéad tuarascálacha luachála eile do na scéimeanna seo le bheith ullmhaithe ar an 1 Eanáir 2024.
Bonn luachála um Íoschaighdeán Maoinithe (faisnéis nach bhfuil iniúchta):
Tá sé ina cheangal go gcloífeadh na ceithre scéim le sochair sainithe leis an Íoschaighdeán Maoinithe (ICM) i gcomhréir le hAlt 44 d’Acht na bPinsean, 1990 (mar atá leasaithe). Leis an ICM, go ginearálta, déantar a thomhas cibé acu an gclúdaíonn sócmhainní carntha dliteanais arna bhfabhrú do bhaill, ag déanamh talamh slán de go ndéanfaí na scéimeanna a fhoirceannadh ar an dáta luachála. Tá na boinn tuisceana ar a gcinntear dliteanas an ICM forordaithe sa reachtaíocht agus sa treoir achtúireach. Cuireadh na teastais mhaoinithe achtúirigh is deireanaí, a cuireadh ar fáil le haghaidh na bpríomhscéimeanna le sochar sainithe, faoi bhráid an Údaráis Pinsean agus dáta éifeachtach an 31 Nollaig 2020 orthu, agus dearbhaíodh gur chloígh na scéimeanna leis an ICM ar an dáta sin.
Tar éis an athbhreithnithe achtúirigh ar an 1 Eanáir 2022, fuarthas amach gur chloígh ceithre scéim le sochar sainithe an ICM amhail an 1 Eanáir 2022. Ba é luach iomlán shócmhainní na scéime ná €295.0m agus ba iad luach iomlán na ndliteanas faoin ICM ná €187.6m, agus an toradh a bhí air sin ná barrachas de €107.4m ar bhonn an ICM.
Bonn na luachála fadtéarmaí (faisnéis neamh-iniúchta):
Tá sé de rún ag an gComhlacht leanúint de mhaoiniú a sholáthar de réir mholadh an achtúire chun déanamh cinnte go leanfaidh na scéimeanna ag feidhmiú agus ag soláthar íocaíochtaí pinsin ar bhonn fadtéarmach.
Ullmhaíodh na luachálacha achtúireacha ar an 1 Eanáir 2021 le haghaidh na gcuspóirí maoinithe sin agus úsáid á baint as modh luachála achtúirí ar a dtugtar modh “na haoise sroichte”. Bhí na príomh-thoimhdí achtúireacha ar glacadh leo sa luacháil bunaithe ar an margadh trí thagairt do chuar babhtála ráta úis an Chrios Euro agus do chuar boilscithe HICP an Euro. Leis sin cuireadh meánráta ualaithe lascaine de thart ar -0.24% sa bhliain ar fáil agus ráta boilscithe ualaithe meánphraghais de 1.3% sa bhliain. Rinneadh talamh slán de go raibh méaduithe ar thuarastail comhionann le boilsciú praghsanna móide 1.25%, méid a thabharfadh glanfhigiúr de 2.55% agus go mbeadh an méadú ar phinsin arna n-íoc comhionann le boilsciú praghsanna ag 1.3% in aghaidh na bliana. Faoin modh luachála sin ar an 1 Eanáir 2021, ba é méid iomlán na sócmhainní ná €285.3m agus ba é méid iomlán na ndliteanas fabhraithe ná €268.2m. Ba é an toradh air sin ná barrachas comhlán de €17.1m agus cóimheas maoinithe (sócmhainní: dliteanais) de 106% amhail an 1 Eanáir 2021.
Tar éis athbhreithniú eatramhach ar an Eanáir 2022, ba é méid foriomlán na sócmhainní ná €295.0m agus méid foriomlán na ndliteanas arna dtomhas de réir an mhodha luachála sin ná €286.2m, agus an toradh air sin ná barrachas comhlán de €8.8m agus cóimheas maoinithe (sócmhainní:dliteanais) amhail ar an 1 Eanáir de 103%.
Ullmhófar na chéad luachálacha foirmiúla iomlána eile ar an 1 Eanáir 2024.
(c) FRS 102 “Sochair Fhostaí”
Rinneadh oibleagáidí sochair shainithe an Chomhlachta ag luacháil ag achtúirí neamhspleácha chun críocha FRS 102 amhail an 31 Nollaig 2021. Ullmhaíodh an luacháil agus úsáid á baint as modh luachála achtúirí ar a dtugtar modh “na n-aonad réamh-mheasta creidmheasa”. Ós rud é go bhfuil na scéimeanna dúnta d’iontrálaithe nua, tá próifíl aoise na scéime ag dul in airde agus mar sin faoi mhodh na n-aonad réamh-mheasta rachaidh an costas reatha seirbhíse i méid de réir mar a bhogann baill den scéim i dtreo scoir.
Boinn Tuisceana Airgeadais:
Ba iad na príomhbhoinn tuisceana airgeadais chun na hoibleagáidí sochair (dliteanais) a ríomh faoi alt de FRS 102 ar dháta an Chláir Chomhardaithe ná:
31 Nollaig 2021 | 31 Nollaig 2020 | |
---|---|---|
Ráta úis arna chur i bhfeidhm ar oibleagáidí sochair ar lascaine | 1.30% | 0.95% |
Ráta réamh-mheasta an mhéadaithe ar thuarastail | 3.0% le haghaidh 2022-2025, 3.5% ina dhiaidh sin | 0% i 2021, 2.5% le haghaidh 2022-2023, 3% ina dhiaidh sin |
Ráta réamh-mheasta an mhéadaithe ar phinsin arna n-íoc | 2.10% | 1.35% |
Ráta réamh-mheasta an mhéadaithe arna gcur siar | 2.10% | 1.35% |
ITB/ Boilsciú | 2.10% | 1.35% |
Déantar an ráta lascaine arna úsáid chun an dliteanas pinsin a ríomh faoi threoir torthaí margaidh ar dháta an Chláir Chomhardaithe ar bhannaí corparáide ardchaighdeáin. Bíonn airgeadra agus téarma na mbannaí corparáide ar aon dul le hairgeadra agus téarma measta na n-oibleagáidí sochair. Ag féachaint ar fhad oibleagáidí sochair na scéime, glacadh ráta lascaine de 1.30% amhail an 31 Nollaig 2021.
Boinn Tuisceana Dhéimeagrafacha:
Tá na boinn tuisceana do bhaill maidir leis an ionchas saoil ag am scoir leagtha amach thíos:
2021 | 2020 | |||
---|---|---|---|---|
Blianta Fir | Blianta Mná | Blianta Fir | Blianta Mná | |
Baill reatha ag 40 bliain d’aois (ionchas saoil ag 65 bliain d’aois) | 24.1 | 26.0 | 24.3 | 26.3 |
Pinsinéirí reatha ag 65 bliain d’aois (ionchas saoil ag 65 bliain d’aois) | 22.4 | 24.1 | 22.5 | 24.4 |
Sócmhainní Scéime:
Ba é leithdháileadh infheistíochta na sócmhainní ar dháta an Chláir Chomhardaithe ná:
Aicme Sócmhainne | Cion de shócmhainní na Scéime amhail an 31 Nollaig 2021 | Cion de shócmhainní na Scéime amhail an 31 Nollaig 2020 |
---|---|---|
Bannaí | 91.42% | 91.12% |
Réadmhaoin | 0.00% | 0.00% |
Eile | 8.58% | 8.88% |
100.0% | 100.0% |
Socraítear an toradh ionchais ar shócmhainní sa mhéid is go bhfuil sé comhionann leis an ráta lascaine, faoi FRS102.
Ba é luach cóir na sócmhainní pinsin ar dháta an Chláir Chomhardaithe ná:
Luach cóir amhail an 31 Nollaig 2021 | Luach cóir amhail an 31 Nollaig 2020 | |
---|---|---|
€’000 | €’000 | |
Bannaí | 269,698 | 260,101 |
Réadmhaoin | - | - |
Eile | 25,309 | 25,362 |
Luach Cóir iomlán Sócmhainní | 295,007 | 285,463 |
Seo a leanas na méideanna atá aitheanta sa ráiteas faoin staid airgeadais:
31 Nollaig 2021 | 31 Nollaig 2020 | |
---|---|---|
€’000 | €’000 | |
Luach cóir na sócmhainní scéime | 295,007 | 285,463 |
Oibleagáid sochair sainithe | (242,349) | (229,751) |
Sócmhainn sochair shainithe | 52,658 | 55,712 |
Léirithe i ráitis airgeadais mar seo a leanas: | ||
Infheistíochtaí – barrachas ar scéimeanna maoinithe (féach nóta 16) | 52,658 | 55,712 |
Anailís ar na méideanna curtha san áireamh sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais:
2021 | 2020 | |
---|---|---|
€’000 | €’000 | |
Costas (gan ús san áireamh) | ||
Costas seirbhíse | (1,691) | (1,233) |
Glanchostas úis | ||
Ioncam úis ar shócmhainní scéime | 2,670 | 3,458 |
Ús ar oibleagáidí sochair scéimeanna pinsin | (2,137) | (2,855) |
Glanioncam úis | 533 | 603 |
(1,158) | (630) |
Anailís ar na méideanna atomhais arna n-aithint in Ioncam Cuimsitheach Eile:
2021 | 2020 | |
---|---|---|
€’000 | €’000 | |
Toradh ar shócmhainní plean (gan ioncam úis san áireamh) | 15,748 | 10,268 |
Éifeacht choigeartuithe taithí | (10,392) | 2,495 |
Éifeacht athruithe ar bhoinn tuisceana | (7,738) | (4,569) |
Iomlán na n-atomhas curtha san áireamh in Ioncam Cuimsitheach eile | (2,382) | 8,194 |
Gluaiseacht sócmhainní scéime agus oibleagáidí sochair
Sócmhainní €’000 | Oibleagáidí sochair €’000 | Glanbharrachas €’000 | |
---|---|---|---|
Amhail an 31 Nollaig 2019 | 281,535 | (233,491) | 48,044 |
Costas reatha seirbhíse | - | (1,233) | (1,233) |
Creidmheas iarsheirbhíse | - | - | - |
Ús ar oibleagáidí sochair scéime | - | (2,855) | (2,855) |
Ioncam úis ar shócmhainní scéime | 3,458 | - | 3,458 |
Toradh ar shócmhainní scéime (gan ioncam úis san áireamh) | 10,268 | - | 10,268 |
Atomhas mar thoradh ar choigeartuithe taithí | - | 2,495 | 2,495 |
Atomhas mar thoradh ar athrú ar bhoinn tuisceana | - | (4,569) | (4,569) |
Ranníocaíochtaí ball | 271 | (271) | - |
Sochair arna n-íoc ón scéim | (10,173) | 10,173 | - |
Ranníocaíochtaí fostóra | 104 | - | 104 |
Amhail an 31 Nollaig 2020 | 285,463 | (229,751) | 55,712 |
Gluaiseacht sócmhainní scéime agus oibleagáidí sochair
Sócmhainní €’000 | Oibleagáidí sochair €’000 | Glanbharrachas €’000 | |
---|---|---|---|
Amhail an 31 Nollaig 2020 | 285,463 | (229,751) | 55,712 |
Costas reatha seirbhíse | - | (1,102) | (1,102) |
Costas iarsheirbhíse | - | (589) | (589) |
Ús ar oibleagáidí sochair scéime | - | (2,137) | (2,137) |
Ioncam úis ar shócmhainní scéime | 2,670 | - | 2,670 |
Toradh ar shócmhainní scéime (gan ioncam úis san áireamh) | 15,748 | - | 15,748 |
Atomhas mar thoradh ar choigeartuithe taithí | - | (10,392) | (10,392) |
Atomhas mar thoradh ar athrú ar bhoinn tuisceana | - | (7,738) | (7,738) |
Ranníocaíochtaí ball | 235 | (235) | - |
Sochair arna n-íoc ón scéim | (9,595) | 9,595 | - |
Ranníocaíochtaí fostóra | 486 | - | 486 |
Amhail an 31 Nollaig 2021 | 295,007 | (242,349) | 52,658 |
Measann an fostóir go mbeidh €0.5m á chur acu leis na scéimeanna pinsin i 2022.
Anailís Íogaireachta ar oibleagáidí Sochair Scéime:
Tá íogaireacht na hoibleagáide sochair sainithe d’athruithe ar na boinn tuisceana maidir le mortlaíocht leagtha amach thíos:
2021 Bonn tuisceana atá ann | 2021 +1 Bhliain | 2021 -1 Bhliain | |
---|---|---|---|
Oibleagáidí sochair (€’000) | 242,349 | 252,464 | 232,443 |
Athrú ar oibleagáidí sochair (€’000) | (10,115) | 9,906 |
|
% Athraithe (mar % den mhéid tosaigh) |
| (4.2%) | 4.1% |
Tá íogaireacht na hoibleagáide sochair sainithe d’athruithe ar an ráta lascaine leagtha amach thíos:
2021 | 2021 | 2021 | |
---|---|---|---|
Bonn tuisceana atá ann | -0.25% | +0.25% | |
Ráta Lascaine | 1.30% | 1.05% | 1.55% |
Oibleagáidí sochair (€’000) | 242,349 | 251,593 | 233,561 |
Athrú ar oibleagáidí sochair (€’000) /p> | (9,244) | 8,788 |
|
% Athraithe (mar % den mhéid tosaigh) | (3.8%) | 3.6% |